Mario Vargas Llosa
Tá Jorge Mario Pedro Vargas Llosa, a saolaíodh ar an ochtú lá fichead de Mhí na Márta in Arequipa (Peiriú) sa bhliain 1936, ar dhuine de na scríbhneoirí is mó le rá i Meiriceá Theas. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 2010.
A Shaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'iad Ernesto Vargas Maldonado agus Dora Llosa Ureta a thuismitheoirí, agus b'eisean an t-aon duine clainne amháin a rugadh dóibh, nó fuair siad dealú ó chéile go gairid i ndiaidh a bpósta. D'fhás Mario beag anuas i dteach mhuintir a mháthara i gCochabamba sa Bholaiv. Nuair a fuair a sheanathair jab maith i bPeiriú, d'fhill an teaghlach ar an tír sin. Sa bhliain 1946, casadh a athair air an chéad uair, agus chuaigh a thuismitheoirí le chéile arís. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, chuir a athair in Acadamh Míleata Leoncio Prado i Lima é, le go bhfoghlaimeodh an mac riailbhéas an airm chomh maith leis na hábhair scoile. An seal a chaith sé ina ábhar saighdiúra ansin, thug sé spreagadh don chéad úrscéal a chum sé, La ciudad y los perros ("An Chathair agus na Madraí", 1962; tháinig an t-aistriúchán Béarla i gcló sa chéad bhliain eile, faoin teideal The Time of the Hero).
Chuaigh Vargas Llosa le hiriseoireacht sula raibh sé críochnaithe san acadamh míleata. D'éirigh sé as an scoil sin roimh ré agus bhain sé amach a ardteistiméireacht ó scoil eile, scoil a bhí suite i bPiura. Bhí sé ag obair ina iriseoir do La Industria, an nuachtán áitiúil. An chéad dráma a scríobh sé, b'i bPiura a stáitsíodh an chéad uair é, freisin.
Sa bhliain 1953, nuair a bhí Manuel Odría ina dheachtóir ar Pheiriú, thosaigh Vargas Llosa ag staidéar litríochta in Ollscoil Náisiúnta San Marcos. In aois a naoi mbliana déag dó, phós sé Julia Urquidi, a bhí trí bliana déag níos sine ná eisean. Níor mhair an cumann sin i bhfad, áfach, agus sa bhliain 1959, fuair sé scoláireacht a chuir ar a chumas dul ag staidéar sa Spáinn, in Ollscoil Complutense. B'ansin a bhain sé amach a dhochtúireacht.
An chéad úrscéal a d'fhoilsigh sé, mar atá, La ciudad y los perros, thabhaigh sé an-cháil dó, cé go raibh oifigigh an acadaimh mhíleata féin thar a bheith míshásta leis an gcur síos a thug sé ar shaol na scoile. An ceann a tháinig sna sálaí aige, La casa verde ("An Teach Uaine" - The Green House atá ar an aistriúchán Béarla chomh maith), tugann sé cur síos ar an tionchar atá drúthlann - "an teach uaine" ag imirt ar a timpeallacht agus an cor a chuireann sé i gcinniúint an phríomhlaoich, cailín óg darb ainm Bonifacia.
Sa bhliain 1969, d'fhoilsigh Vargas Llosa an tríú húrscéal leis, Conversación en la Catedral ("Comhrá san Ard-Eaglais" - Conversation in the Cathedral is teideal don aistriúchán Béarla freisin). Iarracht a bhí ann "úrscéal iomlán" a scríobh, is é sin, cur síos liteartha a thabhairt ar gach leibhéal den tsochaí i bPeiriú le linn na tréimhse a bhí faoi chaibidil - an t-"Odriato", nó na blianta a raibh Manuel Odría ag rialú na tíre ina dheachtóir.
An chéad leabhar eile a tháinig uaidh, mar atá, Pantaleón y las visitadoras ("Pantaleón agus na Ban-Chuairteoirí" - Béarla: Captain Pantoja and the Secret Service), bhí sé i bhfad ní ba ghreannmhaire. Is é an Captaen Pantaleón Pantoja laoch an scéil seo - oifigeach in Arm Pheiriú a eagraíonn seirbhís striapachais, nó "seirbhís banchuairteoirí" (visitadoras), do na fórsaí armtha, de réir na n-orduithe a tugadh dó. Tá cuid mhór den ghreann bunaithe ar an gcineál duine atá ann: saighdiúir atá chomh dílis dá thír dhúchais agus atá sé dá bhean chéile. Ní rithfeadh leis féin riamh oíche a chaitheamh le bean de na striapacha, ach ós rud é go bhfuair sé de thasc an tseirbhís seo a eagrú, déanann sé an obair go paiteanta, mar is dual don tsaighdiúir mhaith. Scéal eile, áfach, go bhfuil sé chomh macánta mar dhuine is go ndearcann sé ar na cailíní mar shaighdiúirí i bhfórsaí armtha Pheiriú, agus é ag éileamh go n-onórófaí mar shaighdiúirí iad, go háirithe an bhean acu a fuair bás ó lámh a hiar-leannáin éadmhair "i bpáirc an áir". Ní thaitníonn an dearcadh seo leis na ginearáil, agus sa deireadh, cuireann siad deireadh leis an tseirbhís.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Vargas Llosa ina Shóisialach nuair a bhí sé óg, ach ag dul anonn san aois dó, thug sé an-taitneamh don liobrálachas saormhargaidh mar leigheas ar fhadhbanna Mheiriceá Theas. Sa bhliain 1990, ghlac sé páirt i dtoghcháin an Uachtaráin i bPeiriú, ach b'é Alberto Fujimori a ghnóthaigh an báire sin. Sa bhliain 2006, thacaigh sé Lourdes Flores, iarrthóir na gcoimeádach, in aghaidh Ollanta Humala, iarrthóir na heite chlé. Bhí sé barúlach go raibh Humala cosúil leis an deachtóir Fujimori, agus chreid sé nach mbeadh an náisiúnaí agus an t-iar-oifigeach airm Humala sásta an daonlathas ná na dlíthe a urramú. Sa deireadh thiar thall, b'éigean dó a thacaíocht a thabhairt don iar-Uachtarán Alan García, cé gurbh í uachtaránacht Alan García féin a tharraing na deacrachtaí ar Pheiriú ar bhain Fujimori leas astu ina fheachtas féin, tráth. B'é García a rug bua, agus é ina Uachtarán inniu.
Saothar Deireanach
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh thoghchán na bliana 1993, chuaigh Vargas Llosa ina chónaí sa Spáinn, agus tá sé ina shaoránach Spáinneach chomh maith. Níor fhill sé go Lima ach le deireanaí. Tá sé ag scríobh leis i gcónaí. I measc na n-úrscéalta deireanacha a tháinig óna pheann, tá El Fiesta del Chivo (2000, "Féile an Phocáin" - The Feast of the Goat atá ar an aistriúchán Béarla).
Cur síos dúisitheach atá ann ar dheachtóireacht Rafael Leonidas Trujillo ar an bPoblacht Dhoiminiceach. Scrúdaíonn sé deachtóireacht fhada Trujillo ar a lán leibhéal. Ó thaobh amháin de, tá an lá inniu ann: tagann bean scothaosta a bhfuil éirithe go maith léi ina baincéir sna Stáit Aontaithe ar cuairt ar an seanfhód, agus an saol a bhí aici ina cailín óg i réimeas Trujillo ag rith léi arís. De réir a chéile, foghlaimíonn an léitheoir go raibh athair na mná seo ar dhuine acu siúd a bhí ag tacú le Trujillo, go dtí gur chaill sé gnaoi an deachtóra. Bhí saint ag Trujillo sna cailíní óga, áfach, agus d'fhéach athair an chailín le mórtachas a dhéanamh leis tríd an gcailín a thairiscint dó mar mhilseog.
Tá peirspictíocht an deachtóra féin le fáil san úrscéal freisin, ach is é an dream atá i gcroílár na n-imeachtaí ná an chomhcheilg atá meáite ar an deachtóir a mharú. Iar-lucht leanúna de chuid Trujillo atá ann, agus a seal féin caite acu ag tacú leis an deachtóir agus ag creidiúint ann. Má tá laoch ar bith sa scéal, áfach, is é Joaquím Balaguer é, arb é Uachtarán na Poblachta é, go foirmiúil. Fanann sé go foighneach sa chúlra, a fhad is atá Trujillo ag rialú na tíre, ach nuair atá mí-ord agus cogadh cathartha ag bagairt i ndiaidh dhúnmharú an deachtóra, beireann sé go stuama ar shrianta an stáit leis an daonlathas a chur i réim agus an tír a shuaimhniú.
Is minic a lochtaigh saothar Vargas Llosa; bhí sé diongbháilte faoi chúrsaí na n-aicmí sóisialta i saol Mheiriceá Theas. Bíonn mianach na beathaisnéise measctha trí chuid mhaith de na scéalta a scríobh sé, go háirithe an t-úrscéal anghrách úd La tía Julia y el escribidor ("Aintín Julia agus an Scriptscríbhneoir"). Sa bhliain 1981, d'fhoilsigh sé úrscéal stairiúil faoi éirí amach na scológ, Cogadh Canudos, sa Bhrasaíl i ndeireadh na naoú haoise déag, La Guerra del Fin del Mundo ("Cogadh Dheireadh an Domhain").
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéalta, gearrscéalta, ficsean
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Los jefes (1959) ("Na Ceannairí", díolaim gearrscéalta.)
- La ciudad y los perros ("An chathair agus na madraí", 1963)
- La casa verde ("An teach uaine", 1966). Bronnadh Duais Rómulo Gallegos ar an úrscéal seo.
- Los cachorros ("Na gearrbhodaigh", 1967)
- Conversación en La Catedral ("Comhrá san Ard-Eaglais", 1969)
- Pantaleón y las visitadoras ("Pantaleón agus na banchuairteoirí", 1973)
- La tía Julia y el escribidor ("Aintín Julia agus an scriptscríbhneoir", 1977)
- La guerra del fin del mundo ("Cogadh dheireadh an domhain", 1981)
- Historia de Mayta ("Scéal Mayta", 1984)
- ¿Quién mató a Palomino Molero? ("Cé a mharaigh Palomino Molero?", 1986)
- El hablador ("An cainteoir", 1987)
- Elogio de la madrastra ("Adhmholadh na leasmháthara", 1988)
- Lituma en los Andes ("Lituma sna hAindéis", 1993). Bronnadh Duais Planeta ar an úrscéal seo.
- Los cuadernos de don Rigoberto ("Leabhráin nótaí an Uasail Rigoberto", 1997)
- La fiesta del chivo ("Féile an phocáin", 2000)
- El paraíso en la otra esquina ("Parthas thart an coirnéal", 2003)
- Travesuras de la niña mala ("Ainghníomhartha na drochghirsí", 2006)
- El sueño del celta ("Aisling an Cheiltigh", 2010)
- El héroe discreto ("An laoch discréideach", 2013)
Aistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- García Márquez: historia de un deicidio (1971)
- Historia secreta de una novela (1971)
- La orgía perpetua: Flaubert y «Madame Bovary» (1975)
- Contra viento y marea. Volúmen I (1962-1982) (1983)
- Contra viento y marea. Volumen II (1972-1983) (1986)
- La verdad de las mentiras: Ensayos sobre la novela moderna (1990)
- Contra viento y marea. Volumen III (1964-1988) (1990)
- Carta de batalla por Tirant lo Blanc (1991)
- Desafíos a la libertad ("Dúshlán na saoirse", 1994)
- La utopía arcaica. José María Arguedas y las ficciones del indigenismo ("An Útóipe ársa. José María Arguedas agus saothar ficseanúil an indigenismo", 1996. Faisiún agus sruth intleachtúil i Meiriceá Theas ab ea an t-indigenismo a bhí ag iarraidh cultúr agus nósanna na mbundúchasach a chur os comhair an tsaoil mhóir. "Bundúchasaíocht" ba chóir a thabhairt air as Gaeilge, is féidir.)
- Cartas a un novelista ("Litreacha chuig úrscéalaí", 1997)
- El lenguaje de la pasión ("Teanga an phaisiúin", 2001)
- La tentación de lo imposible ("Cathú an ruda dhodhéanta", 2004) - aiste faoi shaothar Victor Hugo
Drámaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- La señorita de Tacna (1981)
- Kathie y el hipopótamo (1983)
- La Chunga (1986)
- El loco de los balcones (1993)
- Ojos bonitos, cuadros feos (1996)
Dírbheathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]- El pez en el agua (1993)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |