Jump to content

Jean-Paul Sartre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJean-Paul Sartre

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Jean-Paul Charles Aymard Sartre
21 Meitheamh 1905
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Aibreán 1980
74 bliana d'aois
14ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Éidéime)
Áit adhlacthaReilig Montparnasse Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Henri-IV
Lycée Louis-le-Grand
Cours Hattemer
École normale supérieure
Ollscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePáras
Meudon
La Rochelle
Le Havre
Laon
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, eipistéimeolaíocht, eitic, polaitíocht, feiniméaneolaíocht agus ointeolaíocht
Gairmdrámadóir, fealsamh, scríbhneoir, scríbhneoir polaitiúil, gníomhaí síochána, intleachtóir, iriseoir tuairime, socheolaí, trodaí frithbheartaíochta, léirmheastóir liteartha, eipistéimeolaí, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, beathaisnéisí, scríbhneoir scripte, liriceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaFealsúnacht chomhaimseartha
FostóirLycée Condorcet Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtEiseachas, An tAindiachas, feiniméaneolaíocht, Fealsúnacht na Fraince, Marxachas agus fealsúnacht na Mór-Roinne
Faoi thionchar
Ainm cleiteJacques Guillemin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Saoirse na hAilgéire agus An Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSimone de Beauvoir
Wanda Kosakiewicz
Michelle Vian
Olga Kosakiewicz Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlex Pazos Bellon
Croineolaíocht
23 Aibreán 1980sochraid (Crématorium-columbarium du Père-Lachaise) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0765683 IBDB: 9439
iTunes: 193502928 Musicbrainz: dfab8dec-17bc-48dc-9764-f849a3cb4236 Find a Grave: 1161 Cuir in eagar ar Wikidata
1910

Scríbhneoir agus fealsamh a rugadh i bPáras sa Fhrainc ab ea Jean-Paul Sartre (21 Meitheamh 190515 Aibreán 1980), duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise, a bheartaigh fealsúnacht an eiseachais.[1]

1924 ag an École Normale Supérieure

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1939ː Sarthe agus Simone De Beauvoir

D'fhreastail Sarte ar an an École Normale Supérieure sna 1920idí agus bronnadh an "agrégation de philosophie" air sa bhliain 1929. Bhuail sé le Simone de Beauvoir ag an ENS agus bhí cairdeas agus comhar eatarthu ar feadh a saoil. Bronnadh an agrégation san fhealsúnacht ar de Beauvoir ag an am céanna.

Bhí Sartre ag múineadh fealsúnachta i bPáras sna 1930idí. D'fholisigh sé an t-úrscéal La Nausée ('Déistin') sa bhliain 1938.[2]

Ghlac Sartre páirt sa Dara Cogadh Domhanda. Gabhadh é i bPadoux sa bhliain 1940 agus cuireadh faoi ghlas é in Stalag XII-D, Trier. Ina phríosúnach, scríobh sé an dráma Nollag, Barjona, nó "Bariona, ou le Fils du tonnerre".[3] Rinne sé iarracht Iósaef a shamhlú agus é i mBeithil.[4]

Ligeadh saor é an bhliain dár gcionn agus tháinig sé ar ais ina mhúinteoireacht i bPáras.

Tháinig an tráchtas fealsúnach L’Être et le Néant ('Beith agus Neamhní') amach sa bhliain 1943.

Jean Paul Sartre (lár) le Simone de Beauvoir (ar chlé) agus Che Guevara (ar dheis) i gCúba sa bhliain 1960.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus ar son chúis an eiseachais, bhunaigh sé an iris Les Temps Modernes in éineacht le Simone De Beauvoir, Maurice Merleau-Ponty agus baill eile de lucht intleachta na héite chlé. Dá dheasca sin, bhí sé in ann a chuid smaointe a chur chun cinn ar raon fairsing ábhar, an cumannachas agus an t-aindiachas, cuir i gcás.

Shiúil sé an domhan agus bhuail sé le ceannairí cumannacha ar nós Fidel Castro agus Che Guevara.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1964, ach dhiúltaigh sé í.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar artre mar gheall ar a húrscéalta meitifisiciúla.

Déanann Sartre idirdhealú ina shaothar fealsúnachta L’Être et le Néant (1943) idir l’être-en-soi (an bheith inti féin), l’être-pour-soi (an bheith di féin), agus l’être-pour-autrui (an bheith do dhaoine eile).[5]

Is ionann l’être-en-soi agus nithe neamh-chomhfhiosacha, .i. na nithe nach bhfuil comhfhios acu, mar shampla, crainn agus leabhair. I gcodarsanacht leo sin atá l’être-pour-soi, nó na neacha comhfhiosacha.[5]

Mar sin, is é an comhfhios a dhealaíonn l’être-en-soi agus l’être-pour-soi óna chéile. I gcodarsanacht leis na nithe atá neamh-chomhfhiosach nó en-soi, tá le néant (neamhnitheacht) idir an duine comhfhiosach agus an domhan ina maireann sé. In L’Être et le Néant, deir Sartre gurb é an duine a ghineann an neamhnitheacht sa saol. Is neamhnitheacht nó folús sa duine féin í seo, agus is féidir leis an duine an neamhnitheacht seo a líonadh lena smaointe agus lena ghníomhartha samhlaithe. Mar sin, tá ar chumas an duine an todhchaí a shamhlú, agus is féidir leis a ghníomhartha féin a roghnú.[5] Agus mar a dúirt sé chomh maith, Dúirt Jean-Paul Sartre ar fad é, b’fhéidir go mbeidh amanna níos áille ann, ach is linne an ceann seo.[6]

Tionchar in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh anailís chomparáideach ar choincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh agus i saothar Sartre.[1][7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ríona Ní Churtáin / core.ac.uk (2016). "‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh" (as ga). doi:10.18669/ct.2016.03. 
  2. "La Nausée" (as fr) (2021-04-11). Wikipédia. 
  3. "Bariona, ou le Fils du tonnerre" (as fr) (2021-01-09). Wikipédia. 
  4. "Mth 1:18-23 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-04-15.
  5. 5.0 5.1 5.2 Ríona Ní Churtáin (2016-10-07). "‘An rabhas-sa im ní riamh?’ — Coincheap na beithe i saothar an Ríordánaigh" (as ga). COMHARTaighde (2). doi:10.18669/ct.2016.03. ISSN 2009-8626. 
  6. Shane MacDomhnaill | Feb 18 2021. "Le linn ré na dianghlasála - tá dóchas ann" (en-ie). University Observer. Dáta rochtana: 2021-04-15.
  7. "Ó Ríordáin ‘duine de shmaointeoirí is tábhachtaí na linne seo’" (en). echo live (2019-02-19). Dáta rochtana: 2021-04-15.