Eiseachas
Cuma
Tugtar eiseachas ar fhealsúnacht smaointeoirí agus scríbhneoirí áirithe sa naoú haois déag agus san fhichiú haois a roghnaigh an duine aonair agus cás an duine aonair - an eagla roimh an mbás agus an t-uaigneas, mar shampla - mar phointe tosaigh don fhealsúnacht agus don tuiscint ar an saol.
Tá fealsúnacht an eiseachais bunaithe ar an meon eiseach a ghlacann leis nach bhfuil ciall ná cuspóir leis an saol, agus a admhaíonn an meascán mearaí a chuireann sin ar an duine aonair.
Bhí cuid mhór de na heisithe míshásta leis an bhfealsúnacht acadúil toisc go bhfuair siad nach raibh sí in aon chóngar d'fhíor-shaoltaithí an fhíordhuine, agus theastaigh uathu fealsúnacht a chruthú a bheadh bainteach leis an ngnáthshaol.