Simone de Beauvoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSimone de Beauvoir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Simone Lucie Ernestine Marie Bertrand de Beauvoir
9 Eanáir 1908
6ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Aibreán 1986
78 bliana d'aois
14ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaReilig Montparnasse Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras
lycée Fénelon Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilagrégation
Áit chónaithePáras
Marseille
Rouen
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, aiste, dírbheathaisnéis, úrscéal, feimineachas agus eiseachas
Gairmpolitical philosopher (en) Aistrigh, fealsamh, women letter writer (en) Aistrigh, léirmheastóir liteartha, údar, scríbhneoir, feimineach, dialannaí, scríbhneoir aistí, iriseoir, gníomhaí polaitiúil, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí, philosophy teacher (en) Aistrigh (–1943) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtAn tAindiachas, feimineachas agus eiseachas
Faoi thionchar
Ainm cleiteLe Castor Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachBertrand de Beauvoir Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíJean Paul Sartre
Claude Lanzmann
Nelson Algren Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínHélène de Beauvoir
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0003436 iTunes: 464552242 Discogs: 869807 Find a Grave: 1162 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, fealsamh agus gníomhaí ar son chearta an duine ab ea Simone de Beauvoir (9 Eanáir 190814 Aibreán 1986). Bhí sí ina scríbhneoir bisiúil: cuimsíonn a cuid saothair úrscéalta, aistí ar chúrsaí fealsúnachta agus polaitíochta, beathaisnéisí agus dírbheathaisnéis.

Tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar a húrscéalta meitifisiciúla agus a tráchtas Le Deuxième Sexe, anailís chuimsitheach ar ansmacht na mban, atá ina bhunchloch don fheimineachas comhaimseartha.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuineadh agus fáisceadh de Beauvoir i bPáras agus bhí scoth oideachais uirthi. Fágadh an teaghlach ar an ngannchuid nuair a breithníodh ina fhéimheach a seanathair máthar.

Simone de Beauvoir

Tháinig Simone agus a deirfiúr Hélène faoi anáil a n-athar agus é féin a thug grá na litríochta agus na drámaíochta dóibh. (Rinneadh ealaíontóir de Hélène dá bhrí sin). Bhí sé ag súil le mac ach dúirt sé le Simone go raibh “intinn fir” aici. Bhí dúil a anama san oideachas aige mar éalú as bochtaineacht an teaghlaigh.

1939ː Sarthe agus de Beauvoir

D’éirigh le Simone ina cuid léinn in aois linbh. Ina déaga a bhí sí nuair a shocraigh sí a bheith ina scríbhneoir iomráiteach. Rug sí an barr léi i gcúrsaí scoláireachta ach bhí sí an-tógtha leis an bhfealsúnacht agus d’fhreastail sí ar École Normale Supérieure i bPáras chun staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin.


Bhuail sí le Jean-Paul Sartre ansin agus agus bhí cairdeas agus comhar eatarthu ar feadh a saoil. Sa bhliain 1929, bronnadh an agrégation san fhealsúnacht ar de Beauvoir agus Sarthe ag an am céanna. Ba í de Beauvoir, nó Castor mar a tugadh uirthi toisc go raibh a sloinne cosúil leis an bhfocalbéabhar” as Béarla, an duine ab óige a fuair an duais seo riamh ag an am.

Simone de Beauvoir (ar chlé) le Jean Paul Sartre agus Che Guevara (Cúba - 1960)

Meánaosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1940í, foilsíodh a céad úrscéal L’invitée (She came to stay): saothar meitifisiciúil a bhaineann leis na caidrimh chasta atá ar siúl i measc triúir agus atá bunaithe ar an ménage à trois idir de Beauvoir, Sartre agus bean óg darbh ainm Olga Kosakiewicz.

Le linn na tréimhse seo, chuir de Beauvoir amach scríbhinní ar eitic agus eiseachas. Deirtear go dtugtar léirmheas sothuigthe ar an eiseachas Francach sa leabhar Pour une Morale de L’Ambiguité (The Ethics of Ambiguity). Soiléirítear roinnt neamhréireachtaí sna príomhshaothair sa ghort, L'Être et le Néant (Being and Nothingness) le Sartre féin san áireamh.

1955

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus ar son chúis an eiseachais, bhunaigh sí an iris Les Temps Modernes in éineacht le Sartre, Maurice Merleau-Ponty agus baill eile de lucht intleachta na héite chlé. Dá dheasca sin, bhí sí in ann a cuid smaointe a chur chun cinn ar raon fairsing ábhar, an cumannachas agus an t-aindiachas, cuir i gcás.

Sa bhliain 1949 foilsíodh Le Deuxième Sexe agus leis sin ghnóthaigh Simone de Beauvoir cáil mar smaointeoir radacach.

D’eisigh sí an t-úrscéal Les Mandarins (The Mandarins) sa bhliain 1954, óna caidreamh paiseanta leis an scríbhneoir Meiriceánach Nelson Algren agus bhuaigh sí an Prix Goncourt, an duais litríochta is mó sa Fhrainc, dá thoradh sin.

Anonn sna blianta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shiúil sí an domhan agus bhuail sí le ceannairí cumannacha ar nós Fidel Castro, Che Guevara agus Mao Tse-Tung. Bhí an-tóir ar a dialanna taistil. I rith na 1950idí agus na 1960idí, bhí de Beauvoir ina scríbhneoir rathúil, idir aistí agus ghearrscéalta á gcur amach aici. I ndeireadh na gcaogaidí a thosaigh sí céad imleabhar a dírbheathaisnéise ina bhfuil anailís ar a tógáil shrianta mheánaicmeach.

Bhí lámh bheo i saoirse na mban aici san am ba thréine an ghluaiseacht sa Fhrainc. Bhí sí páirteach san fheachtas ar son an ghinmhillte agus bhí an ginmhilleadh dleathach sa tír ó 1974.

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sí ocht mbliana déag is trí scór d’aois nuair a fuair sí bás den niúmóine. Adhlacadh í in aice lena leathbhádóir ionúin Sartre sa Cimitière du Montparnasse i bPáras agus bíonn an-phlé faoin tionchar a bhí acu ar a chéile.

Tá meas mór ar de Beauvoir inniu mar intleachtach fadbhreathnaitheach agus scríbhneoir ildánach. Tugtar aitheantas di mar cheannródaí an fheimineachais sa 20ú haois. D’fhág sí oidhreacht thathagach ficsin agus neamhfhicsin ina diaidh.

I 2006 tugadh "Passerelle Simone de Beauvoir" mar ainm ar dhroichead nua coisithe trasna abhainn na Seine i bPáras, le hurraim do dhuine de na mná is cáiliúla sa Fhrainc.

1967

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Deuxième Sexe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1949 foilsíodh Le Deuxième Sexe. Tráchtas ar staid na mban atá i gceist a ndéantar cur síos an chos ar bolg sa tsochaí phatrarcach. Trí mhionchuntas a bhaineann le miotaseolaíocht, sibhialtacht, reiligiún, anatamaíocht agus traidisiún, taispeánann de Beauvoir idirdhealú i gcoinne na mban atá le fáil leis na cianta cairbreacha. Ba iad na gnéithe ba chonspóidí sa leabhar ná a cuid tuairimí faoi mháithreachas, ghinmhilleadh agus phósadh. (Déantar comparáid idir an ceann deireanach agus an striapachas). Dar leis an údar, meastar go bhfuil na mná ina gclaonadh sóisialta agus tá ar na mná féin an bhunbharúil seo a chur ar leataobh chun dul ar aghaidh. Is iad na coincheapa is tábhachtaí i bhfealsúnacht an eiseachais ná saor-rogha agus freagracht phearsanta.

Is minic a shamhlaítear “fulangacht” le banlaochra na scéalta béaloidis i gcoitinne, mar is léir ón chur síos a rinne Simone de Beauvoir ar iompar na mná i scéalta agus in amhráin: ‘the young man sets off to seek the woman; he fights against dragons, he combats giants; she is locked up in a tower, a palace, a garden, a cave, chained to a rock, captive, put to sleep: she is waiting’.[1]

Uaigh - Reilig Montparnasse.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nic Giolla Chomhaill, Ailbhe (NUI Gaillimh) (2018). ""Solas i nDorchadas": Staidéar soch-chultúrtha ar scéalta draíochta as Dúiche Sheoigheach". Dáta rochtana: 2021.