Elizabeth Corbet Yeats

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElizabeth Corbet Yeats

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1868
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Eanáir 1940
71 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfoilsitheoir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairJohn Butler Yeats  agus Susan Pollexfen
SiblínW. B. Yeats, Lily Yeats, Robert Corbet Yeats, Jane Grace Yeats agus Jack Butler Yeats

Ba oideachasóir agus foilsitheoir Angla–Éireannach í Elizabeth Corbet Yeats (11 Márta 1868–16 Eanáir 1940), ar a dtugtar 'Lolly'. D'oibrigh sí mar mhúinteoir ealaíne agus d'fhoilsigh sí roinnt leabhar ar an ealaín. Ba bhunaitheoir Dun Emer Press a bhí inti a d'fhoilsigh roinnt saothar lena deartháir W. B. Yeats. Ba í an chéad phrintéir tráchtála in Éirinn a d'oibrigh go heisiach le clóphreasanna láimhe.

Luathshaol agus Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Yeats ar an 11ú Márta 1868[1] ar bóthar Fitzroy, Londain[2], chuig tuistí s'aici John Butler Yeats (péintéír) agus Susan Yeats (née Pollexfen). D'fhan sí i Merville, chontae Sligeach i dteach sheanathair s'aici, William Pollexfen, ó mí Meitheamh 1872 go dtí mí Samhana 1874. Tar éis sin, bhog teaghlach s'aici go dtí 14 Edith Villas, Kensington Thiar, Londain.[3] Ba í Martha Jowitt a gobharnóir, ó 1876 go dtí 1879 sular bhog an teaghlach go Bedford Park, Chiswick, sa bhliain 1878.

Kensington Thiar, Londain
Sampla de Art Nouveau déanta ag Dun Emer

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1902 bhunaigh sí an 'Dun Emer Guild'[4] le Evelyn Gleeson [5][6]agus a deirfúir Susan Mary Yeats. Níos deanaí comhbhunaigh Susan agus Elizabeth an 'Cuala Industries' (Dún Droma Baile Átha Cliath) ina dhiaidh scoilt ó Gleeson. D'fhostaigh Cuala Industries ceardaí Éireannacha chun teicsílí agus ábhar clóite a tháirgeadh.Tá an fean déanta as uiscedhath ar shíoda agus blaosc toitíse. Tá tírdhreach maisiúil forshuite le 'pansies' agus 'crócaí', a fhrámaíonn an choillearnach ar chlé agus inscríbhinn a tógadh ón dán 'Anashuya and Vijaya' le William Butler Yeats, dán liriciúil a scríobhadh i 1887. Tá fean Elizabeth mar shampla maith péanteáilte de láimh Art Nouveau - stíl feain a raibh an-tóir orthu ag an am, a raibh spreagtha ó feain eile a thógadh isteach go hEoiraip ón Áise níos luaithe.[7]

Gléas Preas Dun Emer

Ag Obair le Dun Emer Guild[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh priontáil sa bhliain 1903. An chéad leabhar a fhoilsigh Dun Emer ná 'In the Seven Woods' [8]le W.B. Yeats. Bhronnadh priontéir ar Elizabeth ach ní raibh an airgead aici chun coimeád suas leis an chostas den caighdean oibre a bhí ag teastáil. De bharr seo bhí gcontúirt airgeadais ag an gnólacht. Tháinig Dun Emer amach le haon leabhair déag a bhí déanta in oifig galánta,mháisithe ag George Russell[9]. Níor réitigh sí le deartháir s'aici William faoin bhealach gur eagraigh sé leabhair s'aige. Bhí fuath aici fosta le haghaidh Evelyn Gleeson (mar gheall ar scoilt s'acu an bhliain roimhe).[6]Chuaigh Yeats chuig Nua Amhraic in Deireadh Fomahir 1906 chun fhógairt a dhéanamh ar earraí s'aici ach d'fhill sí ag deireadh mí na Samhna chun foilsiú a dhéanamh ar leabhair deireanach Dun Emer, 'William's Dicoveries' (1907). Scar í agus Susan ó Dun Emer chun 'Cuala Industries' a bhunadh in 1908. Bhí Elizabeth i gceannas ar an preas agus rinne deirfiúr s'aici an taobh bróidnéireacht de a lámhsáil. Chaith William agus athair s'acu John go huafásach leo, ag seoladh litreacha dothuigthe dóibh. D'fhoilsigh siad leabhair galánta ar aon nós cosúil le 'The Green Helmet and Other Poems'(1910) agus sraith de leabhar darbh ainm 'Broadsides' (1908-1915 maisithe ag Jack Yeats).

Aitheantais[cuir in eagar | athraigh foinse]

In éineacht le Susan, ceapadh í ina ball de choiste leabharlainne comhairle tuatha Dhún Droma a bhí á reachtáil ag Sinn Féin[10] in 1920. Bean maith díolacháin í, bhí pátrúin thábhachtacha aici i dteaghlaigh cosúil le Aberdeen agus Cadbury[11]. Chuaigh an obair chun cinn go fonnmhar ag an tús, agus earcaíodh roinnt ban óg mar oibrithe agus mar oiliúnaithe. Thaispeáin an Guild go rialta ag roinnt taispeántas, lena n-áirítear, roinnt dóibh thar lear (Aonach Domhanda Naomh Louis, 1904). Tugadh ardmholadh dá saothar sna nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus fuair siad go leor coimisiún mór le rá, ina measc ceann do veisteanna bróidnithe agus sraith de 24 meirge d'Ardeaglais Bhaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.

Bás Corbet Yeats[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus í faoi dhúlagar tar éis bás athair s'aici i mí Feabhra 1922, bhog sí an ghnólacht 'Cuala Press' chuig íoslach teach W.B. Yeats, a bhí ina chónaí ag 82 Chearnóg Mhuirfean[12], sa bhliain 1923. I mí Feabhra 1925, bhog 'Cuala Industries' chuig 133 Sráid Bhagóid[13], Baile Átha Cliath. An áit gur fhan sí go dtí a bhás.

Is í ag fulaingt ó bhrú fola ard i rith na 1930idí, bhí trioblóid airgeadais aici i 1938 mar gur chiall sí na scaireanna a chlúdaigh rótharraingt bhainc Cuala Industries luach mór. Bhí sí ag gearán faoi phianta cófra agus tinneas cinn ar feadh na mblianta; Rinneadh mí-dhiagnóisiú orthu seo mar 'neurasthenia[14]' i 1916. Cuireadh cóir leighis uirthi le haghaidh 'aingíne' i 1938 ach fuair sí bás de dheasca cliseadh croí ar 16 Eanáir 1940 i dteach altranais i mBaile Átha Cliath. Tá sí curtha lena deirfiúr Susan sa Sean-Reilig, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath.[15]

Elizabeth le linn saol oibre s'aici
  1. "Yeats, Elizabeth Corbet (‘Lollie’) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-11-21.
  2. "Fitzroy Rd · London, UK" (en). Fitzroy Rd · London, UK. Dáta rochtana: 2024-01-15.
  3. Allen, Nicholas (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press. 
  4. "Design Moment: Dun Emer Guild, 1902" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-15.
  5. "Evelyn Gleeson" (as en) (2024-01-08). Wikipedia. 
  6. 6.0 6.1 "Appreciating Evelyn Gleeson" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-01-15.
  7. "Archive Collections at the National Gallery of Ireland | National Gallery of Ireland". sourcenationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2023-12-12.
  8. William Butler Yeats (2017-07-21). "In the Seven Woods - Being Poems Chiefly of the Irish Heroic Age" (as en). Read Books Ltd. 
  9. Nick Maxwell (2017-06-30). "George Russell—a literary witness to Irish history". History Ireland. Dáta rochtana: 2024-01-15.
  10. "Home" (en-GB). Sinn Féin. Dáta rochtana: 2024-01-29.
  11. "Cadbury Chocolate" (en). Cadbury IE. Dáta rochtana: 2024-01-29.
  12. "82 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath" (en). Merrion Square Park · 1 Merrion Square E, Dublin, Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  13. "133 Sráid Bhagóid" (en). 133 Baggot Street Lower · 133 Baggot Street Lower, Dublin 2, D02 F622, Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-19.
  14. "Neurasthenia - an overview | ScienceDirect Topics". www.sciencedirect.com. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  15. "Irish Independent Irish Historical Newspapers Archive for Genealogy Research". www.irishnewsarchive.com. Dáta rochtana: 2024-02-19.