Pearl S. Buck
Scríbhneoir agus úrscéalaí Meiriceánach ab ea Pearl Sydenstricker Buck (1892 – 1973), nó Sai Zhenhu (Sínis: 賽珍珠; pinyin: Sài Zhēnhū) de réir a hainm Síneach. Rugadh í ar an 26ú lá de Mheitheamh 1892 i Hillsboro, baile atá suite i Virginia Thiar na Stáit Aontaithe, agus fuair sí bás ar an 6ú lá de Mhárta i nDanby, baile atá suite i Vermont na Stáit Aontaithe.
Bhí tuismitheoirí Pearl Buck ina misinéirí agus dá bharr san chaith sí an chuid is mó dá saol roimh 1934 sa tSín. Is é an t-úrscéal The Good Earth (Gaeilge: 'An Talamh Mhaith'), úrscéal a bronnadh Duais Pulitzer air sa bhliain 1932, a sárshaothar. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta uirthi sa bhliain 1938. Tar éis filleadh ar na Stáit Aontaithe di, lean sí ar aghaidh lena cuid scríbhneoireachta agus d'oibrigh sí go crua ar shon ceart na mban agus ceart na mionlach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |