Drámaíocht Éireannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amharclann na Mainistreach

Stair na Drámaíochta in Éirinn. I mBaile Átha Cliath a bhí an bhéim ar dhrámadóireacht don chuid is mó in Éirinn le céad bliain anuas, ach tá amharclanna ar fud na tíre.

Amharclann an Gheata, Amharclann na Mainistreach agus agus Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Is í Amharclann na Mainistreach a bhain amach cáil di féin i gcéadbhlianta an stáit le drámaí John Millington Synge mar "the Playboy of the Western World" agus Sheáin O'Casey mar "the Plough and the Stars." B'iad William Butler Yeats agus Lady Gregory a bhí i mbun bainistíochta ar Amharclann na Mainistreach i dtosach.

Mícheál Mac Liammóir

Chuir Hilton Edwards agus Mícheál Mac Liammóir Amharclann an Gheata ar bun i 1928, agus taispeánadh réimse mór drámaí le húdair éagsúla Eorpacha ann. I 1924, freisin, a cuireadh Taibhdhearc na Gaillimhe ar bun, agus ba dhrámaí as Gaeilge is mó a bhí á dtaispeáint.

An Giall le Breandán Ó Beacháin (Brendan Behan)

Compántais Drámaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir le grúpaí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, bíonn mion-fhéilte agus Féile Náisiúnta Drámaíochta ann 'chuile bhliain i gceantair éagsúla á n-eagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Tá roinnt de na drámaí Gaeilge a chuirtear ar stáitse timpeall na tíre á léiriú faoi bhrat an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta.

Drámadóirí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc dhrámadóirí móra na hÉireann, tá Oliver Goldsmith, Richard Brinsley Sheridan, Dion Boucicault, Oscar Wilde, George Bernard Shaw, Lady Gregory, George Moore, William Butler Yeats, Seán O'Casey, Austin Clarke, Denis Johnston, Thomas Kilroy, Tom Murphy, Hugh Leonard, John B. Keane, Brian Friel a scríobh i mBéarla, Brendan Behan (i mBéarla agus i nGaeilge) agus Samuel Beckett (i mBéarla agus i bhFraincis).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dubhghlas de hÍde, timpeall na bliana 1912.

Nascanna Seachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Taidhbhearc, Gaillimh