Dion Boucicault
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Dionysius Lardner Boursiquot; Dion Boucicault |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 26 Nollaig 1822 Baile Átha Cliath |
Bás | 18 Meán Fómhair 1890 67 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Áit adhlactha | Mount Hope Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Londan Bruce Castle School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | drámadóir, scríbhneoir, aisteoir, aisteoir stáitse |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Agnes Kelly Boucicault |
Páiste | Nina Boucicault, Aubrey Boucicault, Dion Boucicault, Jr. |
|
Aisteoir agus drámadóir Éireannach ab ea Dion Boucicault (né Boursiquot; 26 Nollaig 1820 i mBaile Átha Cliath – 18 Meán Fómhair 1890) agus d'éirigh go hiontach leis i Sasana agus sna Stáit Aontaithe sa 19ú haois. Ceannródaí cultúir ab ea é, a d’fhág a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta go háirithe.
"Athair na hAmharclannaíochta"
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Boucicault na chéad drámaí suite in Éirinn sa 19ú haois, go mór mór The Colleen Bawn,[1][2] Arrah-na-Pogue[3] agus The Shaugraun. Níós déanaí, mhothaigh sé go raibh rud éigin curtha i gcrích aige nuair a scríobh sé, "When I wrote the Colleen Bawn, I invented the Irish drama. It was original in form, in material, in treatment and in dialogue".[4] Tugtar "athair na hamharclannaíochta in Éirinn" ar Boucicault, agus "athair na drámaíochta nua-aimseartha sna Stáit Aontaithe".[5]
Bíonn an mhéaldrámatacht in uachtar sna drámaí seo, plódaithe le bréag-Éireannaigh agus steiréitíopaí. Bíonn deireadh maith ar an scéal i gcónaí agus baineann an greann an lá. Bhíodh íomhá taitneamhach de na tuathaigh Éireannacha ina chuid drámaí, measctha le méaldráma go leor.[6]
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh an chéad léiriú poiblí de The Colleen Bawn ar Broadway (i Laura Keene's Varieties) ar 29 Márta 1860. Chonaic an Bhanríon Victoria An Cailín Bán trí uair sa bhliain 1861 agus choimisiúnaigh sí uiscedhathanna a dhéanamh de.
Rinneadh an chéad léiriú poiblí de "Arrah-na-pogue" sa "Theatre Royal" i mBaile Átha Cliath (Sráid Hawkins) Dé Deardaoin, 10 Samhain 1864.[7][8][9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ University of Kent. "The Colleen Bawn (Dion Boucicault Collections - Special Collections & Archives)". www.kent.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-11-07.
- ↑ University of Kent. "Colleen Bawn images". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ University of Kent. "Arrah-na-Pogue (Dion Boucicault Collections - Special Collections & Archives)". www.kent.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-11-07.
- ↑ John P. Harrington (2014-07-11). "The Irish Play on the New York Stage, 1874-1966" (as en). University Press of Kentucky.
- ↑ Dion Boucicault (30 Eanáir 1987). "Selected Plays of Dion Boucicault (Irish Drama Selections)".
- ↑ Máirín Breathnach Uí Choileáin. "Aisteoirí an Spidéil | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2020-11-07.
- ↑ Deirdre McFeely (2012). "Cf Playbill ... Music, myth and censorship in Arrah-na-Pogue". Dion Boucicault: Irish Identity on Stage: 29–58. Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ Deirdre McFeely (2012-04-12). "Dion Boucicault: Irish Identity on Stage" (as en). Cambridge University Press.
- ↑ "Arrah-na-Pogue". History Ireland (2013-03-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-28. Dáta rochtana: 2020-11-07.