Victoria na Ríochta Aontaithe
Bhí Victoria (24 Bealtaine 1819 – 22 Eanáir 1901) ina banríon ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ó 20 Meitheamh 1837 ar aghaidh. Bhí sí ar an gcéad Bhanimpire ar an India ó 1 Bealtaine 1876 go dtí lá a báis ar 22 Eanáir 1901.
Mhair a réimeas ar feadh 63 bliain, an réimeas is faide a bhí ag aon mhonarc na Breataine riamh, go dtí gur éirigh Eilís II ar an mbanríon is faide i réim i 2015.[1] Tugtar 'An Ré Victeoiriach'[2] ar aimsir a réimis.
Tháinig a mac, Éadbhard VII, i gcomharbacht uirthi.
Victoria agus Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]In am Victoria, bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe. Thug an Bhanríon Victoria cuairt ar Éirinn ceithre huaire: in 1849, in 1853, in 1861 agus in 1900.[3]
1849
Tugadh ‘Banríon an
Drochshaoil’ uirthi óir tháinig sí féin agus an Prionsa Albert go hÉirinn in 1849, i rith an Ghorta Mhóir, agus is minic a deirtear nár thug sí ach £5 chun cabhrú leis na daoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras. Is é fírinne an scéil gur bhronn sí £2,000, áfach; agus gríosaíodh í i rith na cuairte sin ag muintir Corcaí, ag muintir Bhaile Átha Cliath, agus i mBéal Feirste (tá an scéal níos casta áfach[3]). Athainmníodh Cóbh (a tugadh Cove air i mBéarla roimhe seo) mar Queenstown ('baile na banríona') chun an chuairt seo a cheiliúradh.
1853
Tháinig an bhanríon agus a céile go hÉirinn arís in 1853, chun the Exhibition of Art and Art Industry a fheiceáil i mBaile Átha Cliath.
1861
D’fhill sí ar an tír arís in 1861, le triúr dá gclann, chun a mac is sine, an Prionsa Albert Éadbhard, a fheiceáil (bhí sé ag traenáil leis an arm sa Churrach). Le linn na cuairte seo, d’fhan an teaghlach ríoga i dTeach Fhear Ionad na Banríona (Áras an Uachtaráin anois) agus ansin i dTeach Mhucrois. Ina dhiaidh sin, bhí ar úinéir Theach Mhucrois, Henry Arthur Albert, an teach a dhíol chun íoc as na costais.
1900
D’eagraíodh an chuairt dheireanach go hÉirinn, i mí Aibreáin 1900, chun crógacht na saighdiúirí Éireannacha sa Chogadh in Afraic Theas a chomóradh. Bronnadh bonn do gach uile phóilín a bhí ar dualgas ag a coinní agus do gach uile státseirbhíseach a bhí ar dualgas i mBaile Átha Cliath le linn na cuairte.
Rialtas Dúchais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Victoria an fód in aghaidh Rialtas Dúchais na hÉireann, áfach, agus níor réitigh sí go maith leis an bPríomh-Aire William Ewart Gladstone, a chuir an Chéad Bhille Rialtas Dúchais agus an Dara Bille Rialtas Dúchais os comhair na parlaiminte.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga).
- ↑ ““Victorian” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ 3.0 3.1 Dan Buckley (2010-06-26). "A queen’s welcome: Victoria’s stormy affair with Ireland" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-02-28.