Jump to content

Sara Forbes Bonetta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSara Forbes Bonetta

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1843
Tír na nIarúbach Cuir in eagar ar Wikidata
BásLúnasa 1880
36/37 bliana d'aois
Funchal, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Áit adhlacthaFunchal Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpianódóir, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalBanphrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJames Pinson Labulo Davies (1862–1880) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVictoria Davies Randle Cuir in eagar ar Wikidata

Banphrionsa Egbado de mhuintir Iarúbach in Iarthar na hAfraice ab ea Sara Forbes Bonetta, (rugadh Omoba Aina) (1843 - 15 Lúnasa 1880). D'fhág an cogadh in aghaidh Ríocht Dahomey ina dílleachtaí í, agus tháinig sí ina sclábhaí ar an Rí Ghezo ina dhiaidh sin.

Le cor cinniúna iontach, scaoil an Captaen Frederick E. Forbes ó Chabhlach Ríoga na Breataine saor í, agus rinneadh iníon bhaistí den Bhanríon Victoria di.

Bhí sí pósta leis an gCaptaen James Pinson Labulo Davies, daonchara saibhir i Lagos.

Liteagraf Forbes Bonetta, bunaithe ar líníocht Frederick E. Forbes, óna leabhar 1851 Dahomey and the Dahomans being the journals of two missions to the king of Dahomey, and residence at his capital, in the year 1849 and 1850.

Omoba Aina ab ainm di ar dtús. Rugadh í in 1843 in Oke-Odan, sráidbhaile Egbado. Sa bhliain 1848, rinne arm Dahomeyan ionradh ar Oke-Odan. Fuair tuismitheoirí Aina bás le linn an ionsaí, agus maraíodh cónaitheoirí eile nó díoladh iad i dtrádáil sclábhaithe an Atlantaigh.

Chríochnaigh Aina i gcúirt an Rí Ghezo mar sclábhaí agus í cúig bliana d'aois. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, scaoil an Captaen Frederick E. Forbes ón gCabhlach Ríoga saor í, agus é sa Ríocht Dahomey ar mhisean taidhleoireachta chun deireadh a chur rannpháirtíocht Dahomey i dtrádáil sclábhaíochta an Atlantaigh.[1]

Dhiúltaigh an Rí Ghezo deireadh a chur le trádáil sclábhaíochta Dahomey, agus ina ionad sin thairg sé Aina mar "bhronntanas". As imní faoi Aina, agus an seans gur cuireadh chun báis í i searmanasíobairt dhaonna, ghlac an Captaen Forbes léi in ainm an Bhanríona Victoria, agus d’fhill sé ar an mBreatain lei.[2]

Thug Captaen Forbes an ainm Sara Forbes Bonetta di, as a loinge an HMS Bonetta. Sa bhliain 1850, bhuail sí leis an bhanríon Victoria, a bhí tógtha leis éirim an bhanphrionsa óg. D’ardaigh Victoria an cailín, a thug sí 'Sally' uirthi, mar a iníon bhaistí i meánaicme na Breataine.

Sa bhliain 1851, tháinig casacht ainsealach ar Sara, a cuireadh síos don aeráid na Breataine. Chuir a caomhnóirí í ar scoil san Afraic mí Bealtaine an bhliain sin, agus í ocht mbliana d’aois.

D’fhill sí ar ais go Sasana i 1855, nuair a bhí sí 12. Cuireadh í faoi chúram an tUrramach Frederick Scheon agus a bhean chéile, a bhí ina gcónaí i Palm Cottage, Sráid Canterbury, Gillingham. Maireann an teach. Mí Eanáir 1862, fuair sí cuireadh chuig bhainis iníon na Banríona Victoria, an Banphrionsa Alice.[3]

Pósadh agus leanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Portráid le James Pinson Labulo Davies agus Sara Forbes Bonetta, a ghlac Camille Silvy i Londain sa bhliain 1862

Thug an Bhanríon cead di an Captaen James Pinson Labulo Davies a phósadh in Eaglais San Nioclás i mBrighton, East Sussex, mí Lúnasa 1862. Ina dhiaidh sin, bhí a chónaí uirthi ag 17 Clifton Hill i gceantar Montpelier i mBrighton.

Fear gnó as Yoruba ab ea an Captaen Davies, agus tar éis a bpósta bhog an lánúin ar ais go dtí a n-Afraic dhúchais, áit a raibh triúr leanaí acu: Victoria Davies (1863), Arthur Davies (1871), agus Stella Davies (1873).

Bíodh Sara Forbes Bonetta fós ina dhlúthchara an mBanríon Victoria. Bhí sí féin agus an tEaspag Samuel Ajayi Crowther na t-aon bundhúchasaigh i Lagos go raibh buanorduithe ag an gCabhlach Ríoga iad a h-aslonnaigh i gcás éirí amach.

Ainmníodh Victoria Matilda Davies, an chéad iníon Bonetta, as an mbanríon, agus bhí sí féin ina iníon bhaistí ag an mBanríon freisin. Phós sí an dochtúir rathúil John K. Randle as Lagos, agus bhí mac aici, fear gnó ón Nigéir agus socialite JK Randle.[4] Bhí iníon le chéile ag Stella Davies, an dara iníon Bonetta, agus Herbert Macaulay, garmhac le Samuel Ajayi Crowther: Sarah Abigail Idowu Macaulay Adadevoh (ainmnithe as Sarah máthair a máithreacha, agus Abigail, mháthair a athar). Bíonn scata de chlann Sara anois Sasana agus Siarra Leon, le brainse de chuid na huasaicme, an teaghlach Randle i Lagos, mór le rá sa Nigéir comhaimseartha.[5][6][7]

Bás agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Sara Forbes Bonetta bás den eitinn an 15 Lúnasa 1880 i gcathair Funchal, an príomhchathairMhaidéara.

Thóg a fear céile, an Captaen Davies, oibilisc eibhir suas le ocht dtroithe in airde ina gcuimhne ag Ijon in Iarthar Lagos, áit a bhíodh feirm cócó aige. Is é seo a leanas atá ar an oibilisc:

IN MEMORY OF PRINCESS SARAH FORBES BONETTA

WIFE OF THE HON J.P.L. DAVIES,

WHO DEPARTED THIS LIFE AT MADEIRA AUGUST 15TH 1880

AGED 37 YEARS

Tá a h-uaigh uimhir 206 sa Reilig Funchal na Breataine, in aice láimhe den Eaglais Anglacánach na Tríonóide Naofa, Rua Quebra Costas Funchal, Maidéara.[8]

Cuireadh plaic ag comóradh Forbes Bonetta ar Palm Cottage sa bhliain 2016, mar chuid den tsraith theilifíse Black and British: A Forgotten History.[9]

Taispeánadh portráid de Forbes Bonetta leis an ealaíontóir Hannah Uzor i dTeach Osborne ar Oileán Wight mí Dheireadh Fómhair 2020 mar chuid d’iarracht ó English Heritage aitheantas a thabhairt do stair na ndaoine gorm i Sasana.

Léir Zaris-Angel Hator Forbes Bonetta sraith theilifíse ITV Victoria sa bhliain 2017.

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-11. Dáta rochtana: 2020-10-10.
  2. https://www.mentalfloss.com/article/539518/did-queen-victoria-really-adopt-orphaned-african-princess
  3. "Church Missionary Quarterly Token" (1881).
  4. Adeloye (1974). "Some early Nigerian doctors and their contribution to modern medicine in West Africa". Medical History 18 (3): 275–93. doi:10.1017/s0025727300019621. PMID 4618303. PMC:1081580. Dáta rochtana: 23 May 2015. 
  5. "BlackPast".
  6. "Brighton and Hove Black History". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Bealtaine 2003.
  7. "Sarah Forbes Bonetta (Sarah Davies) (died 1880), God-daughter of Queen Victoria, Sitter in 4 portraits". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-30. Dáta rochtana: 2020-10-10.
  8. Register of Burials, Church Archives, Holy Trinity Church, Funchal
  9. "Google Arts & Culture" (en).

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Walter Dean Myers (1999). At Her Majesty's Request: An African Princess in Victorian England. Scholastic Press. ISBN 978-0590486699.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]