Haemaifilia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHaemaifilia
Cineálinherited blood coagulation disease (en) Aistrigh, coagulation factor deficiency (en) Aistrigh agus rare hemorrhagic disorder due to a constitutional coagulation factors defect (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighishaemaiteolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachFachtóir VIII agus F9 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10D66 agus D68 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9286 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM306700, 306900 agus 264900 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB5555, 5561 agus 29376 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000537 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine779322 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet448 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0684275 Cuir in eagar ar Wikidata
Dlúthán

Is neamhord fola í an haemaifilia, galar géiniteach a tharlaíonn i bhfireannaigh den chuid is mó, ina moillítear téachtadh na fola as cuimse.[1] Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr.

Banríon Victoria agus a chlann

Ceiliúrtar Lá Domhanda Haemaifilia ar an 17 Aibreán gach bliain ó 1989 i leith. Tá sé mar aidhm leis feasacht agus tuiscint an phobail i gcoitinne a mhéadú agus a aird a dhíriú ar na saincheisteanna a bhaineann le haemaifilia agus neamhoird fuilithe eile.[2]

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ngnáthduine, nuair a tharlaíonn créacht, tosaíonn eagar imoibrithe ceimiceacha sa bhfuil a dhéanann gréasán den phróitéin ar a dtugtar fibrin, agus cabhraíonn an téachtán fola seo le bac a chur le cailleadh na fola agus an chréacht a chneasú.

I nduine le haemaifilia, bíonn ceimiceán amháin is gá do na himoibrithe seo as láthair, Fachtóir VIII, agus moillítear an téachtadh nó stoptar ar fad é.

Is féidir go gcuirfidh an haemaifiliach a chuid fola go bás, as créacht cuibheasach beag, fiú.

Is é an chóir leighis ar haemaifilia ná Fachtóir VIII a fháil trí fhuilaistriú. Tá haemifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX.

Haemaifilia A[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Haemaifilia A an cineál haemaifilia is coitianta i measc an phobail. Bíonn fadhbanna níos minice i bhfir, do dhuine amháin as gach 5,000 go gach 10,000 fear.

Haemaifilia B[cuir in eagar | athraigh foinse]

Haemaifilia C[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúram in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar, a dúirt an tAire Sláinte sa bhliain 2019, "go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear in Ionaid Chúraim Chuimsithigh i measc na seirbhísí is fearr ar domhan. Is iad na hionaid sin an tIonad Náisiúnta Téachta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath; an tIonad Téachta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí; agus Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn."[2]

Seans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.[3]

Sa bhliain 2014, bhí cumann Haemaifilia na hÉireann ag éileamh go gcuirfí cógas leighis nua ar fáil go luath do 350 duine a bhfuil an víreas Heipitíteas C orthu agus atá go dona tinn dá bharr.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  2. 2.0 2.1 "Comóireann an tAire Sláinte an Lá Domhanda Haemaifilia 2019" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-04-17.
  3. "First person with haemophilia in Ireland treated with gene therapy" (en-GB). Irish Haemophilia Society (2020-03-05). Dáta rochtana: 2021-04-17.
  4. Nuacht RTÉ (2014-09-15). "'Cuirtear cógas leighis nua ar fáil' - lucht haemaifilia" (as ga). 
  5. "Welcome to haemophilia.ie" (en-GB). Irish Haemophilia Society. Dáta rochtana: 2021-04-17.