Géinitic daonra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhdhéanamh géiniteach daonraí, agus staidéar ar na hidirghníomhuithe leis an gcomhshaol, cúrsaí eacnamaíocha, na próisis a chinneann minicíochtaí géinte is géinitíopaí, agus na teoirimí matamaiticiúla a chuimsíonn iad is a chuireann síos orthu. Leag beirt géineolaithe Briotanacha, R. A. Fisher (1890-1962) is J. B. S. Haldane (1892-1964), agus an géineolaí Meiriceánach Sewall Wright (1889-1988) bunsraith an disciplín. Faoi seo tá cuid mhaith ar eolas maidir le dáileadh mhinicíochtaí na ngéinte maidir le fuilghrúpaí, ach tá lear oibre fós le déanamh maidir le séireamphróitéiní, einsímí, agus seichimh ar leith núicléitídí ar an DNA.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Géinitic daonra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 312.