Uilliam II na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uilliam II na Gearmáine
Kaiser Wilhelm II of Germany - 1902.jpg
3. Impire na Gearmáine

Meitheamh 15, 1888 - Samhain 9, 1918
Friedrich III na Gearmáine
9. Rí na Prúise

Meitheamh 15, 1888 - Samhain 9, 1918
Saol
Eolas breitheKronprinzenpalais (en) Aistrigh, 27 Eanáir 1859
Náisiúntachtan Phrúis
Impireacht na Gearmáine
Áit chónaitheHuis Doorn
BásHuis Doorn, 4 Meitheamh 1941
Áit adhlacthaHuis Doorn
Cúis bháisbás nádúrtha (galar cardashoithíoch)
Muintir
AthairFriedrich III na Gearmáine
MáthairVictoria, Princess Royal
Céile/CéilíAuguste Viktoria of Schleswig-Holstein (en) Aistrigh  (Feabhra 27, 1881 -  1921)
Empress Hermine of Germany (en) Aistrigh  (Samhain 5, 1922 -  1941)
Páistí
Siblíní
TreibhTeaghlach Hohenzollern
Oideachas
Alma materOllscoil Bonn
Friedrichsgymnasium Kassel (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisDoctor of Juridical Science (en) Aistrigh
TeangachaAn Ghearmáinis
an Béarla
MúinteoiríCarl Saltzmann (en) Aistrigh
Gairm
Gairmstátaire, péintéir, bailitheoir ealaíne agus monarc
Áit oibreBeirlín
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtCorps Borussia Bonn (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Céimoifigeach coitianta
Großadmiral
marascal machaire
Throid sé/sí agÉirí Amach na mBocsar
Venezuela crisis of 1902–1903 (en) Aistrigh
First Moroccan Crisis (en) Aistrigh
Agadir Crisis (en) Aistrigh
An Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinLiútarachas
IMDbnm0435118
Discogs ID430924
Wilhelm I, German Emperor Signature.svg

Ba é Uilliam II (27 Eanáir 1859 - 4 Meitheamh 1941) impire deireanach na Gearmáine (Kaiser). Bhí sé ina rí ar an bPrúis. Bhí sé i gceannas ar Impireacht na Gearmáine agus Ríocht na Prúise ón 15ú Meitheamh 1888 go dtí an 9ú Samhain 1918. Ba é an garpháiste is sinne ag Banríon Victoria na Breataine agus bhí sé gaolta le go leor de mhonarcaí agus prionsaí na hEorpa.

Rinneadh rí de in 1888, bhris sé an Seansailéir, Otto Von Bismarck, as a phost in 1890 agus chur sé an Ghearmáin ar "Chúrsa Nua" trodach i ngóthaí eachtracha a chríochnaigh le eisean ag tabhairt tacaíocht don Ostair-Ungair ins an ghéarchéim i mí Iúil 1914 a chur tús leis an gCéad Chogadh Domhanda laistigh de chúpla lá. Bhí pearsa bladhmannach agus luathintinneach aige rinne sé cinntí agus ráítís místuama ar ábhair conspóideacha uaireanta gan chomhairle a fháil óna airí, ag críochnú le hagallamh tubaisteach leis an Daily Telegraph i 1908 agus chaill sé formhór a thioncar dá bharr. Shochraigh a chuid príomhghinearál, Paul von Hindenburg agus Erich Ludendorff, polasaithe i rith an Cheád Chogadh Domhanda le beagán meas ar an rialtas sibhialtach. Ba cheannaire cogaidh neamhéifeachtach é agus chaill sé tacaíocht an airm. Thug sé suas coróin i mí na Samhna 1918 agus theith sé ar deoraíocht go dtí an Ísiltír.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Uilliam ar an 27ú Eanáir 1859 ins an Kronprinzenpalais (Pálás an Rídhamhna), Beirlín go An Prionsa Fredrick William na Rúise agus a bhean chéile, An Banphrionsa Ríoga Victoria, an iníon is sinne ag Banríon Victoria na Breataine. Nuair a rugadh é, bhí a sheanuncail, Fredrick William IV, mar Rí na Prúise, agus bhí a sheanathair agus comhainmneach mar leasrí. Ba é an chéad garpháiste a bhí ag an Banríon Victoria agus an Prionsa Ailbhe, ach níos tábhachtaí, de bharr gurbh é an chéad mhac a bhí ag Rídhamhna na Prúise, ó 1861 bhí Uilliam mar oidhre an rí sa Phrúis agus i ndiaidh 1871 in Impireacht na Gearmáine.

Mar gheall ar breith tóna trámach fágadh é le lámh chlé seargtha de bharr pairilis Erb

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]