Jump to content

Liam IV na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam IV na Ríochta Aontaithe

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) William IV
(de) Wilhelm IV Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Lúnasa 1765
Pálás Buckingham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Meitheamh 1837
71 bliana d'aois
Caisleán Windsor Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaSt George's Chapel, Windsor (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
King of Hanover (en) Aistrigh
26 Meitheamh 1830 – 20 Meitheamh 1837
 Seoirse IV na Ríochta AontaitheErnst August II Hanover 
Monarc Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann
26 Meitheamh 1830 – 20 Meitheamh 1837
 Seoirse IV na Ríochta AontaitheVictoria na Ríochta Aontaithe 
Lord High Admiral (en) Aistrigh
17 Aibreán 1827 – 19 Meán Fómhair 1828
Ball de Theach na dTiarnaí
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Gníomhaíocht
Gairmmonarc, polaiteoir, oifigeach cabhlaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga
Céim mhíleataRear-Admiral of the Blue (en) Aistrigh (1793)
Admiral of the Red (en) Aistrigh (1811)
captaen (1786)
rear admiral (en) Aistrigh (1790)
Rear-Admiral of the Red (en) Aistrigh (1793)
leas-aimiréal (1794)
aimiréal (1799)
Aimiréal an Chabhlaigh (1811) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtBattle of Cape St. Vincent (en) Aistrigh
Eile
Teideal uasalDiúc Clarence agus St Andrews (1789–1837)
Iarla na Mumhan (1789–1830)
Diúc Clarence (1789–1830) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Hanover Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAdelaide Saxe-Meiningen (1818) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíDorothea Jordan
Caroline von Linsingen
Elizabeth King Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Henry Courtnay
 ( Caroline von Linsingen)
Banphrionsa Charlotte Clarence
 ( Adelaide Saxe-Meiningen)
Amelia Cary
 ( Dorothea Jordan)
Augustus FitzClarence
 ( Dorothea Jordan)
stillborn child Hanover (en) Aistrigh
 ( Adelaide Saxe-Meiningen)
stillborn child Hanover (en) Aistrigh
 ( Adelaide Saxe-Meiningen)
An Banphrionsa Elizabeth Clarence
 ( Adelaide Saxe-Meiningen)
mac marbh-bheirthe Hanover
 ( Adelaide Saxe-Meiningen)
Augusta FitzClarence Kennedy-Erskine
 ( Dorothea Jordan)
Elizabeth Hay, Cuntaois Erroll
 ( Dorothea Jordan)
Henry FitzClarence
 ( Dorothea Jordan)
George FitzClarence, Céad Iarla na Mumhan
 ( Dorothea Jordan)
Adolphus FitzClarence
 ( Dorothea Jordan)
Sophia Sidney
 ( Dorothea Jordan)
Frederick FitzClarence
 ( Dorothea Jordan)
Mary Fox
 ( Dorothea Jordan)
mac marbh-bheirthe Hanover
 ( Adelaide Saxe-Meiningen) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSeoirse III na Breataine Móire agus na hÉireann  agus Charlotte Mecklenburg-Strelitz
SiblínBanphrionsa Elizabeth na Ríochta Aontaithe, An Banphrionsa Máire, Bandiúc Gloucester agus Dhún Éideann, Banphrionsa Augusta Sophia na Ríochta Aontaithe, Banphrionsa Sophia na Ríochta Aontaithe, Banphrionsa Amelia na Ríochta Aontaithe, Charlotte, An Banphrionsa Ríoga, Seoirse IV na Ríochta Aontaithe, An Prionsa Edward, Diúc Kent agus Strathearn, Ernst August II Hanover, Prionsa Octavius na Breataine Móire, An Prionsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany, Prionsa Alfred na Breataine Móire, An Prionsa Adolphus, Diúc Cambridge agus An Prionsa Augustus Frederick, Diúc Sussex
Gradam a fuarthas
Síniú



Find a Grave: 1984 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Uilliam IV (21 Lúnasa 176520 Meitheamh 1837) ina ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus ar Hanover ó 26 Meitheamh 1830 go dtí lá a bháis. Ba é an tríú mac ag Seoirse III agus tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Seoirse IV. Tháinig a neacht, Victoria, i gcomharbacht air siúd.

Mrs. Dorothea Jordan, le John Hoppner
Scigphictiúr: "Princely piety, or: the worshippers at Wanstead" le George Cruikshank, 01/12/1811[1]

Ba í Dorothea Jordan, as Port Láirge, compánach fadtéarmach an Phrionsa William, agus máthair a dheichniúr clainne neamhdhlisteanaí, ar tugadh an sloinne FitzClarence orthu go léir (tugann "cúirtéiseánach" nó "bean luí" uirthi uaireanta, ach masla atá ann).

Sa bhliain 1790, in Amharclann Drury Lane, thug an Prionsa William, Diúc Clarence, Dorothea faoi deara. Thosaigh siad ag cur fúthu le chéile ag Clarence Lodge, agus ina dhiaidh sin, ó 1797 ar aghaidh, ag Bushy House. Mhair a gcaidreamh 14 bliain, agus rugadh deichniúr clainne dóibh — cúigear mac agus cúigear iníon — ar tugadh an sloinne FitzClarence orthu go léir. Lean Dorothea uirthi lena gairm aisteoireachta le linn an chaidrimh ar fad, agus is minic a bhí a hioncam féin ag tacú le costais an Diúic, agus fiacha troma air i gcónaí.

I 1811, chuir teaghlach Liam brú air cleamhnas ríoga oiriúnach a dhéanamh, agus scar an Diúc ó Dorothea. Fuair sí socrú bliantúil de £4,400, ar an gcoinníoll nach bhfillfeadh sí ar an stáitse. Choimeád an Diúc cúram na mac; d'fhan na hiníonacha lena máthair.

Faoi dheireadh 1814, áfach, bhí ar Dorothea filleadh ar an stáitse arís chun airgead a shaothrú, chun cabhrú le fiacha móra a céile cleamhnais, Thomas Alsop (fear céile Frances, a hiníon is sine). De réir théarmaí an tsocraithe, cuireadh deireadh lena liúntas bliantúil dá bharr. I 1815, theith sí go dtí an Fhrainc chun éalú óna creidiúnaithe, agus d'éag sí gan phingin ina póca, agus í uaigneach, i Saint-Cloud in aice le Páras, ar 5 Iúil 1816 (bhain a hiníon is sine airgead di le calaois roimh a bhás is cosúil).

Níor phós an Diúc Clarence go dtí 1818 — dhá bhliain tar éis bhás Dorothea — nuair a phós sé Adelaide de Saxe-Meiningen. Tháinig sé i gcomharbas ar an gcoróin mar Liam IV sa bhliain 1830.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Juliet Braidwood (2026-06-30). "Regency Scandal at Athelhampton House & Gardens" (en). Athelhampton House. Dáta rochtana: 2026-07-05.