Eilís II na Ríochta Aontaithe
(2015) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Elizabeth II |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | (en) Elizabeth Alexandra Mary Windsor 21 Aibreán 1926 17 Bruton Street, Mayfair, Ríocht Aontaithe (en) |
| Bás | 8 Meán Fómhair 2022 96 bliana d'aois Caisleán Bhaile Mhorail, Scotland |
| Áit adhlactha | King George VI Memorial Chapel (en) |
| Lord High Admiral (en) | |
| 9 Aibreán 2021 – 8 Meán Fómhair 2022 | |
| Monarc San Críostóir-Nimheas | |
| 19 Meán Fómhair 1983 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| 1 Samhain 1981 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarch of Belize (en) | |
| 21 Meán Fómhair 1981 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarc Shan Uinseann agus na Greanáidíní | |
| 27 Deireadh Fómhair 1979 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarch of Saint Lucia (en) | |
| 22 Feabhra 1979 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarc Túvalú | |
| 1 Deireadh Fómhair 1978 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarch of the Solomon Islands (en) | |
| 7 Iúil 1978 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarc Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua | |
| 16 Meán Fómhair 1975 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarc Ghreanáda | |
| 7 Feabhra 1974 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| 10 Iúil 1973 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarch of the Dominion of Fiji (en) | |
| 1970 – 6 Deireadh Fómhair 1987 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of the commonwealth realm of Mauritius (en) | |
| 12 Márta 1968 – 12 Márta 1992 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarc Bharbadós | |
| 30 Samhain 1966 – 29 Samhain 2021 ← luach ar iarraidh | |
| Monarch of the commonwealth realm of Guyana (en) | |
| 1966 – 1970 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of the commonwealth realm of the Gambia (en) | |
| 1965 – 1970 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Lord High Admiral (en) | |
| 1 Aibreán 1964 – 10 Meitheamh 2011 | |
| Monarch of Malawi (en) | |
| 1964 – 1966 (abolition of monarchy (en) ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of the State of Malta (en) | |
| 1964 – 1974 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of the commonwealth realm of Kenya (en) | |
| 1963 – 1964 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch Iamáice | |
| 6 Lúnasa 1962 – 8 Meán Fómhair 2022 ← luach ar iarraidh – Séarlas III → | |
| Monarch of Trinidad and Tobago (en) | |
| 1962 – 1976 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of the commonwealth realm of Uganda (en) | |
| 1962 – 1963 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Queen of Trinidad and Tobago (en) | |
| 1962 – 1976 (abolition of monarchy (en) | |
| Monarch of the commonwealth realm of Sierra Leone (en) | |
| 1961 – 1971 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarch of Tanganyika (en) | |
| 1961 – 1962 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarc de Chónaidhm na Nigéire | |
| 1960 – 1963 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Monarc Ghána | |
| 1957 – 1960 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Tiarna Mhanann | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| Ard-Cheannasaí ar Fhórsaí Cheanada | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| Ceann an Chomhlathais | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 – Séarlas III → | |
| Monarc Aontas na hAfraice Theas | |
| 6 Feabhra 1952 – 1961 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Deireadh an phoist → | |
| Monarc na Ríochta Aontaithe | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Séarlas III → | |
| Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana | |
| 6 Feabhra 1952 – 8 Meán Fómhair 2022 | |
| Monarc Tiarnas na Siolóine | |
| 6 Feabhra 1952 – 1972 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Deireadh an phoist → | |
| Monarc Tiarnas na Pacastáine | |
| 6 Feabhra 1952 – 1956 ← Seoirse VI na Ríochta Aontaithe – Deireadh an phoist → | |
| Oidhre toimhdeach | |
| 11 Nollaig 1936 – 6 Feabhra 1952 (teacht i gcoróin Bhriotanach) | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Eaglais Shasana |
| Áit chónaithe | Pálás Buckingham Caisleán Windsor Caisleán Bhaile Mhorail Sandringham House Holyrood Palace (en) |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Airde | 64 in |
| Dath súile | Gorm |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Ball de | |
| Mac/iníon léinn de chuid | Marion Crawford, Henry Marten agus William Henry Harris |
| Teangacha | Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Auxiliary Territorial Service (en) |
| Eile | |
| Teideal uasal | Monarc Bharbadós (1952–2021) Monarc na Ríochta Aontaithe (1952–2022) Céile an rí (1952–2022) Bandiúc Dhún Éideann (1947–) Banphrionsa na Ríochta Aontaithe (1936–1952) Banphrionsa na Breataine (1926–1952) Monarc na Nua-Shéalainne (–2022) Monarc Cheanada (–2022) Monarc na hAstráile (–2022) Monarc d'Antigua agus Barbúda (–2022) |
| Teaghlach | Teach na Windsor agus Teaghlach Saxe-Coburg agus Gotha |
| Céile | Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann (1947–2021), bás a c(h)éile |
| Páiste | Séarlas III, Andrew Mountbatten-Windsor, Áine, Banphrionsa Ríoga, Prionsa Éadbhard, Iarla Wessex |
| Athair | Seoirse VI na Ríochta Aontaithe agus Elizabeth Bowes-Lyon |
| Siblín | Banphrionsa Margaret, Cuntaois Snowdon |
| Croineolaíocht | |
| 19 Meán Fómhair 2022 | Sochraid Bhanríon Eilís II |
| 8 Meán Fómhair 2022 | sochraid Bhanríon Eilís II |
| 6 Feabhra 2022 | Platinum Jubilee of Elizabeth II (en) |
| Aibreán 2021 | death and funeral of Prince Philip, Duke of Edinburgh (en) |
| 5 Aibreán 2020 | óráid |
| 31 Eanáir 2020 | paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe |
| 2020 | Megxit |
| 6 Feabhra 2017 | Sapphire Jubilee of Elizabeth II (en) |
| 2014 | 2014 Scottish independence referendum (en) |
| 6 Feabhra 2012 | Diamond Jubilee of Elizabeth II (en) |
| 2012 | 2012 Summer Olympics opening ceremony (en) |
| 2012 | 2012 Summer Paralympics opening ceremony (en) |
| Bealtaine 2011 | state visit by Elizabeth II to the Republic of Ireland (en) |
| 25 Samhain 2009 | Vincentian constitutional referendum, 2009 (en) |
| 30 Aibreán 2008 | Tuvaluan constitutional referendum, 2008 (en) |
| 6 Feabhra 2002 | Golden Jubilee of Queen Elizabeth II (en) |
| 11 Meán Fómhair 2001 | 9/11 |
| Samhain 1999 | Australian republic referendum (en) |
| 6 Meán Fómhair 1997 | funeral of Diana, Princess of Wales (en) |
| 31 Lúnasa 1997 | death of Diana, Princess of Wales (en) |
| 20 Samhain 1992 | 1992 Windsor Castle fire (en) |
| 6 Feabhra 1992 | Ruby Jubilee of Elizabeth II (en) |
| 1992 | annus horribilis |
| 14 Bealtaine 1987 | 1987 Fijian coups d'état (en) |
| 6 Márta 1984-3 Márta 1985 | stailc mianadóirí RA |
| 25 Deireadh Fómhair 1983-15 Nollaig 1983 | 1983 Invasion of Grenada (en) |
| 29 Iúil 1981 | wedding of Charles, Prince of Wales, and Lady Diana Spencer (en) |
| Aibreán 1981-Iúil 1981 | 1981 England riots (en) |
| 6 Feabhra 1977 | Silver Jubilee of Queen Elizabeth II (en) |
| 17 Iúil 1976-1 Lúnasa 1976 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1976 |
| 11 Samhain 1975 | 1975 Australian constitutional crisis (en) |
| 29 Deireadh Fómhair 1956-7 Samhain 1956 | Géarchéim Shuais |
| 2 Meitheamh 1953 | coronation of Elizabeth II (en) |
| 15 Feabhra 1952 | death and state funeral of George VI (en) |
| 20 Samhain 1947 | wedding of Princess Elizabeth and Philip Mountbatten (en) |
| 21 Aibreán 1947 | óráid |
| 8 Bealtaine 1945 | Lá an Bhua san Eoraip |
| 1 Meán Fómhair 1939-2 Meán Fómhair 1945 | an Dara Cogadh Domhanda |
| 12 Bealtaine 1937 | coronation of George VI and Elizabeth (en) |
| 1936 | abdication of Edward VIII (en) |
| Meech Lake Accord (en) | |
Gradam a fuarthas
| |
Ba í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary; 21 Aibreán 1926 - 8 Meán Fómhair 2022) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus ar 15 tír eile i gComhlathas na Náisiún. Ba cheannaire an Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í.
Tháinig Eilís II i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952. Bhí sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois. Bhí cion ag mórán de mhuintir na Breataine ar Eilís II, a monarc is faide réim riamh (d’éirigh sí ar an mbanríon is faide i réim i Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015).[1]
Tús a saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Eilís i Londain ar 21 Aibreán 1926, an iníon is sine ag an bPrionsa Albert, diúc York agus mac George V (anRí Seoirse VI níos déanaí), agus a bhean Elizabeth Bowes-Lyon.
Baisteadh sa Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.
Ba í Elizabeth an léiroidhre don choróin ón uair a thug a huncail Edward VIII suas an choróin. Nuair a d’éirigh Edward as i 1936, rinneadh rí dá hathair, George VI.


Chaith sí tréimhse in Óglaigh na Breataine i rith an Chogaidh. Phós sí prionsa as an nGréig agus leifteanant sa chabhlach, Philip Mountbatten, i 1947. Ceathrar páistí a bhí acu, an Prionsa Charles, an Banphrionsa Anne, an Prionsa Andrew agus an Prionsa Edward.
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús lena ré sa bhliain 1952.[2] Corónaíodh Eilís ar na 2 Meitheamh 1953 in Westminster Abbey. Ba é an chéad searmanas corónaithe a craoladh ar an teilifís.
Léargas ar fhad a réime é go raibh Josef Stalin, Mao Zedong, Harry Truman agus Winston Churchill ina gceannairí ar a dtíortha nuair a tháinig sí i gcoróin.[3]
Ba mhinic í ag taisteal mar Bhanríon. Chuaigh sí ar chamchuairt ar an Eoraip agus thug sí cuairt ar Cheanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1957. I 1961, ba í an chéad mhonarc de chuid Shasana le caoga bliain chun cuairt a thabhairt ar fho-ilchríoch na hIndia. I 1968, ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas agus i 1979 ba í an chéad mhonarc le cuairt a thabhairt ar thíortha Mhurascaill na Peirse.[3]
Saol an teaghlaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thuig Éilis go raibh gá le nuachóiriú a dhéanamh ar an monarcacht agus thug sí cead isteach go dtí an teaghlach do na ceamaraí teilifís le linn na 1970idí. I 1978 thug sí a beannacht do chur ar ceal phósadh a deirféar.
Sna 1990idí is mó a tugadh a dúshlán mar Bhanríon. Thug sí annus horribilis ar an mbliain 1992. An bhliain sin scar an Prionsa Charles agus a bhean Diana Spencer, Banphrionsa na Breataine Bige óna chéile agus scar an Prionsa Andrew óna bhean, Sarah, bandiúc York. Fuair an Banphrionsa Anne colscaradh agus dódh Caisleán Windsor an bhliain chéanna.[3]
Bhí géarchéim eacnamaíochta ann chomh maith a d’fhág go raibh saibhreas an teaghlaigh ríoga ina údar cainte mór i measc an phobail. D’fhógair an Bhanríon go n-íocfadh sí cáin feasta ar a teacht isteach príobháideach.
Chuaigh rudaí in olcas i 1997 nuair a fuair Banphrionsa na Breataine Bige Diana bás. Bhí an ghoimh ar dhaoine nuair a dhiúltaigh an Bhanríon an bhratach a chrochadh ar leathcheann os cionn Phálás Buckingham mar chomhartha ómóis do Diana.[3]
D’éirigh leis an mBanríon teacht aniar a dhéanamh ina dhiaidh sin ach bhí conspóidí eile ann, amhail cinneadh an Phrionsa Harry agus a bhean Meghan Markle éirí as a gcúraimí ríoga.[3]

Cuairt ar Éirinn sa bhliain 2011
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Eilís II cuairt stairiúil ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011. Cé go raibh sí go minic sa Tuaisceart ba í an chuairt an bhliain sin an chéad uair gur sheas monarc as Sasana sa deisceart ó bhí a seanathair, An Rí George V, ar thuras timpeall na hÉireann i 1911, tráth a raibh an tír go léir faoi smacht na Breataine.
Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimhneachán Cogaidh i nDroichead na hInse.
Thug Eilís II óráid faoin gcaidreamh idir an dá thír a thuill ardmholadh. Tugadh suntas chomh maith don scéal gur i nGaeilge a chuir sí tús lena hóráid. “A Uachtaráin, agus a chairde…” a dúirt sí, ráiteas a thug ar Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese ‘Wow’ a rá trí bhabhta.[3]
Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh.
Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.
Idirghabháil pholaitiúil sna 2010idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag dul anonn in aois, rug an díocas náisiúnachais greim ar an mBanríon. Mar shampla, rinne sí idirghabháil díreach sa bhliain 2014 nuair a reáchtáladh reifreann neamhspleáchais na hAlban. Dúirt Éilis gur 'ba cheart do dhaoine a bheith smaoineamh go cúramach faoi',[4] Tuairiscíodh go forleathan an achainí.[5] I ndiaidh an reifrinn, dúirt an Príomh-Aire, David Cameron, go raibh cluaisíní croí ar an mBanríon ('purred like a cat') faoin toradh.[6]
Sa bhliain 2016, roimh vóta na Bhreatimeachta, tuairiscíodh sna nuachtáin i bhfad amach ar an eite dheis go raibh an Bhanríon ar thaobh na nEoraisceipteach. Tháinig an Sun amach le "Queen backs Brexit" ar 8 Márta 2016.[7] De réir an Sun, níor ghlac an Independent Press Standards Organisation go raibh an scéal míchruinn ar 17 Bealtaine.[8]
Ansin, lá amháin roimh an reifrinn,[9] ar 21-22 Meitheamh, rith an Daily Express, “Queen issues EU challenge”,[10] agus an Daily Telegraph, “Tell me why we should Remain, Queen asks dinner guests”,[11] agus an Sun, arís,[12] agus an Times,[13] "Queenː Give me 3 good reasons we should stay in Europe".[14] Níor eisigh an Pálás séanadh ar bith. Glacadh leis an mBreatimeacht le tromlach beag (52%-48̬%).
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhásaigh a fear céile, Philip Mountbatten sa bhliain 2021, agus é 99 bliain.
Rinneadh ceiliúradh ar 70 bliain theacht i gcoróin Eilís II ar an 6 Feabhra 2022, ach ní raibh sí in ann freastal ar an gceiliúradh.
Cheap Eilís II, ar 6 Meán Fómhair 2022, Liz Truss ina príomh-aire i mBaile Morail na hAlban (an 15ú príomh-aire ar an mBreatain ó corónaíodh í).
Cailleadh Eilís II dhá lá níos déanaí, ar 8 Meán Fómhair 2022, in aois 96 bliain di. Ba i gCaisleán Balmoral in Albain a bhí Banríon Shasana ag cur fúithi le tamall de bharr nach raibh a sláinte thar mholadh beirte..[2]
Ba í an Bhanríon Eilís an té ab fhaide i gcumhacht riamh mar cheannaire stáit sa Bhreatain, ó 1952 go dtí 2022. Bhí 14 uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa tréimhse chéanna. Sháraigh Eilís fad réim na Banríona Victoria, a sin-seanmháthair, (a bhí beagnach 64 bliain i gcoróin).[3]
Tháinig a mac Séarlas, Prionsa na Breataine Bige, nó Séarlas III, i gcomharbacht uirthi.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-09). "An bhanríon Eilís - an Bhanríon is faide i réim" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht TG4 (8 MF 2022). "Banríon Shasana tar éis bháis" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2022-09-08.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 "Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-08.
- ↑ "The Queen hopes Scots will think very carefully before voting in the independence referendum" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "What the Scottish papers say" (en-GB). BBC News (2014-09-15). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "David Cameron: I'm extremely sorry for saying Queen 'purred' over Scottish Independence vote". www.telegraph.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Revealed: Queen backs Brexit as alleged EU bust-up with ex-Deputy PM emerges" (en-gb). The Sun (2016-03-08). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Downing Street 'sent into overdrive' by Sun exclusive on Queen backing Brexit, book reveals" (en-gb). The Sun (2016-10-05). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Katarina Botta (4 Iúil 2018). "[https://web.archive.org/web/20220920172648/http://essay.utwente.nl/75774/1/Botta_BA_BMS.pdf How British Newspapers Frame The EU Referendum 2016 A framing analysis of the Brexit debate]". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meán Fómhair 2022. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Laura Mowat (2016-06-22). "Queen asks dinner guests: Give me three 'GOOD reasons' to stay in" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Gordon Rayner (2016-06-21). "EU referendum: Queen asks guests to give her three reasons why Britain should remain in Europe" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "Queen quizzes VIP dinner guests for their views on Europe ahead of Brexit vote" (en-gb). The Sun (2016-06-21). Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ Valentine Low (2016-06-22). "Queen: Give me three reasons to stay in Europe" (en). The Times. Dáta rochtana: 2022-09-18.
- ↑ "The Sun dares to use the Queen again in Brexit front page" (en). the Guardian (2016-06-22). Dáta rochtana: 2022-09-18.