Prionsa Andrew, Diúc Eabhrac
Is prionsa Briotanach é Prionsa Andrew,[1] Diúc Eabhrac, (a rugadh ar 19 Feabhra 1960).
Tá sé ina mac ag Eilís II na Ríochta Aontaithe agus Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann.

Bhí sé pósta ar Sarah, Bandiúc Eabhrac agus tá beirt iníonacha acu.
Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Andrew an-mhór le Jeffrey Epstein (chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac in 2019 tar éis a chiontaithe i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg). Níor shéan an prionsa go raibh sé cairdiúil le Epstein ach shéan sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2]
I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[3] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[4] Níor séanadh go raibh an Prionsa cairdiúil le Epstein ach shéan sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[5]
In 2021, tugadh cúiseanna dlí in aghaidh William i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Virginia Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein.[2] Líomhnaigh Giuffre go ndéanadh gáinneáil uirthi go dtí An Prionsa Andrew nuair a bhí sí 17. Shéan an Prionsa na líomhaintí. agus chuaigh an Prionsa i bhfolach ar na meáin.[6]
Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[7]
Virginia Giuffre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Virginia Giuffre ar dhuine de na daoine is mó a labhair amach ag cur líomhaintí i leith Andrew, Epstein agus a chailín, Ghislaine Maxwell. Chuir Virgina Giuffre lámh ina bás féin ar an 25 Aibreán 2025.[8] Bhí sí 41 bliain d'aois agus ina cónaí in iarthar na hAstráile sna 2020idí.
D'éalaigh sí ó Epstein nuair a phós sí Robert Giuffre in 2002 agus bhí triúr clainne acu.[9] Scar sí óna fear in 2023. Faoi chúram an athar a cuireadh na páistí.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Aindrias nó Aindriú
- ↑ 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
- ↑ RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ "Virginia Giuffre v. Prince Andrew" (as en) (2025-04-03). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE).
- ↑ "Virginia Giuffre" (as en) (2025-04-27). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-26). "Virgina Giuffre tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "Epstein accuser Virginia Giuffre dies by suicide aged 41" (en) (2025-04-26). Dáta rochtana: 2025-04-27.