Thomas Kilroy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thomas Kilroy
Saol
Eolas breitheCallainn, 23 Meán Fómhair 1934 (88 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materColáiste Chiaráin, Contae Chill Chainnigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmúdar, múinteoir ollscoile agus comhairleoir amharclainne
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Duais Booker
(1971) : [[The Big Chapel (en) ]]
BallraíochtAosdána
Cumann Ríoga na Litríochta

Is drámadóir agus úrscéalaí clúiteach Éireanneach é Thomas F. Kilroy (rugadh i 1934 i gCill Chainnigh). Thuill sé a bhunchéim i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhí sé ina eagarthóir drámaíochta in Amharclann na Mainistreach ar feadh seal. Bhunaigh sé, in éineacht le Brian Friel, Stephen Rea agus Tom Paulin, an complacht drámaíochta Field Day.

Rinneadh ollamh le léinn an Bhéarla de in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, post a thréig sé sa bhliain 1989, chun díriú ar a chuid scríbhneoireachta.

Tá sé ag cur faoi i gContae Mhaigh Eo faoin am seo agus é ina bhall den Irish Academy of Letters, The Royal Society of Literature agus Aosdána.