Aided Cheit maic Mágach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scéal de chuid na Rúraíochta i Miotaseolaíocht na nGael is ea Anbhás Cheid mhic Mhágach (Sean-Ghaeilge Aided Cheit maic Mágach), faoin achrann idir Conall Cearnach agus Cead Mac Mágach, agus feall Bélchú fosta.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Scéal Muc Mhic Dhathó, bhí Cead mac Mágach na gConnacht agus Conall Cearnach na nUladh masla ar mhasla chuig a chéile le haghaidh na curadhmhíre. Géill Cead níos laige faoi dheoidh, ach mhaslaigh sé Conall go dona.[1] Ina dhiaidh sin, le linn ruathair ar na hUlaidh, mharaigh Cead go leor gaiscíoch, ach mharaigh Conall Cead i gcomhrac fuilteach aonair, cé go raibh sé féin loite go dona.

Thóg brughaidh darbh ainm Béalchú Conall gonta ina thigh isteach, ach d'fhógair sé troid chun báis ina éadan agus é arís leigheasaithe. Agus cumas catha Chonaill ar eolas aige ámh, ghríosaigh Béalchú a thriúr mhac Conall a mharú agus é a leaba. Thuig Conall feall Bhéalchú, cheangail sé Béalchú ina leaba agus mharaigh a mhic féin le sleá é in ionad Chonaill. Mharaigh Conall ansin an triúr agus bhain sé a gcinn díobh agus dá n-athair fosta mar éiric na cogaíochta.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rudolf Thurneysen: Sagen aus dem alten Irland. Berlin 1901, Nachdruck Insel Taschenbuch 1301, Frankfurt/M. 1991, ll. 16 ff.