Brughaidh
Cuma
I nÉirinn réamh-Chríostaí agus na meánaois, feirmeoir saor ab ea Brughaidh (Sean-Ghaeilge Briugu) nó biathach. Sa mhéid sin, bhítí san áireamh leis na haithigh (úinéirí talún saor neamh-uasal) agus na haos dána.
De bharr a shaibhris agus fáilteachais, bhí aicme shóisialta ard ag an mbrughaidh, beagnach chomh hard le tiarna.[1] Sa chliarlathas trí-chéimeach na nGael – uaisle, saoirsigh agus daoir – sheasadh an brughaidh idir na huaisle agus na saorsigh. De réir na seantéacsanna dlí, bhí an teideal Briugu i réim sa bhrí seo go dtí an 16ú haois.[2]
Miotais agus Scéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]I roinnt seanscéalta na nGael, léirítear an brughaidh mar fhear le saintréithe miotasacha. Go minic is é a bhruíon áit a tharlaíonn imeachtaí miotasacha nó gránna.
- Aided Cheit maic Mágach: briseann an brughaidh Bélchú dlí an aoi
- Aided Cheltchair maic Uthechair: maraítear Blaí Briugu de bharr éada
- Esnada Tige Buchet: creachadh an bhrughadh, Buichead
- Fled Bricrenn: achrann i mbruíon[3] Bhricreann
- Noínden Ulad: fealladh an bhrughadh, Cronnchú, ar a chéile, Macha
- Scéal Muc Mhic Dhathó: achrann le cú Mhic Datho
- Toghail Brú Dá Dearga: bás Chonaire Mhóir i mbruíon Da Dergas. Rinne Birkhan cur síos eiseamláire de, leis na céadta gaiscíoch i láthair agus go leor biadh agus dí ar an mbord. I lár crosbhóthair ab ea é, agus seacht ndoras aige, ach ní bhítí ach ceann amháin acu dúnta d'aon iarraidh, chun fáilteachas an bhrughadh a chur in iúl.[4]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5, lch. 56.
- Wolfgang Meid: Die Kelten. Reclams Universal-Bibliothek, Stuttgart 2007, ISBN 978-3-15-017053-3.