Bruíon
Brú nó iostas in Éirinn na seanscéalta ab ea Bruíon (Sean-Ghaeilge Bruiden). Ba é a dílseánach nó brughaidh, a raibh ard-mheas aige de bharr a chuid fáilteachas; nó rí, a thógadh a leithéid i lár a dhún nó ráth (an Ghaillis dũnom, rátis; Breatnais din, caer).
Seanscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa scéal Scéal Muc Mhic Dhathó, deirtear nach raibh ar fud na hÉireann ach sé bhruíon, agus mar bhrughaí iontu Da Derga, Forgall Monach, Mac Dathó, Mac Dá Reo, Dá Chóca agus Blaí Briugu. I scéalta eile ámh, deirtear go raibh tuilleadh dá leithéid, amhail is an brughaidh Bricre agus a bhruíon in Fleadh Bhricreann.
Rinne Thurneysen cur síos ar dhearadh ciorclach bhruíon Da Derga. Sa scéal úd bhí na céadta gaiscíoch ann agus go leor biadh agus dí ar fáil. Bhíodh an tinteán i lár an tseomra, chun cócaireacht agus fosta ina áit suite tiarna nó rí na bruíne, agus ina thimpeall na haíonna de réir aicme. Bhí an bruíon i lár chrosbhóthair le seacht ndoras aici, agus ach ceann ansin acu dúnta – comhartha d'aíonna an bhrughadh.[1]
Seandálaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an seanscéal, is amhlaidh áibhéalta, bhí aghaidh cré-umha agus seod ag bruíon Bhricreann. Insíonn seandálaíocht scéal eile ámh. Sa rí-chathair, Teamhair, bhíodh foirgnimh níos lú laistigh desna fálta, ach níor aimsíodh bruíon ar bith ann. Ní soiléir é an raibh bruíon le fáil sa chréfort ó thuaidh de Ráth na Rí, a nglaoitear inniu 'Halla Fleá' air. Is ionann an fhianaise i Ráth Cruachan, an rí-chathair seanscéalach de Mhéabh agus Ailill mac Máta i gConnacht. Is é ach amháin i nEamhain Mhacha, rí-chathair Chonchúir mhic Neasa, go bhfuil a leithéid de bhruíon le fáil, an Craobh Rua, ainmnithe as lárphiléar darach leath-méadar ar tiús (de réir deindreacroineolaíochta, den bhliain 94 RC.), cé gur tuairimeach é seo fós.[2]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. 2., korrigierte und erweiterte Auflage. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5, lch. 58.