Anbhás Chonchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aided Chonchobuir)

I Miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid na Rúraíochta is ea Anbhás Chonchúir (Sean-Ghaeilge Aided Chonchobuir). Caomhnaítear an scéal i gcúig lámhscríbhinn, ina measc trí leagan éagsúla. Sa Leabhar Laighneach, faightear leagan gar-iomlán, i dteannta leis an réamhscéal, Cath Éadair.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith Chath Éadair, bhain laoch na nUladh, Conall Cearnach a cheann de rí na Laighean, Meas Geaghra, agus rinne sé meall dó chomh crua le cloch, ag meascadh a inchinne le haol beo. Tugadh an meall seo ar ais go cúige Uladh mar chreach cogaidh. Ghoid gaiscíoch na gConnacht, Cead mac Mágach, an meall, agus thóg sé é dá chrann tabhall. Bhuail sé Conchúr mac Neasa san éadan leis, agus chuaigh sé i bhfostú ina inchinn isteach. Níorbh fhéidir leis na lianna an meall a thógaint amach as eagla go marófaí siad an rí, ach d'éirigh leo ina ainneoin Conchúr a shábháil.[1]

Seacht mbliana ina dhiaidh sin, chuala Conchúr faoi chéasadh Chríost. I leagan amháin den scéal, tugadh an oiread sin racht feirge as dá bharr, gur léim an meall as a chionn amach agus fuair sé bás den chneá oscailte. De réir an nóis seo, mairtíreach Críostaí ba ea Conchúr roimh theacht fiú Naomh Pádraig.

I lámhscríbhinn eile, bhí beirt bhuachaillí ag imirt peile leis an meall in aice le rí-thigh Chonchúir. Thóg Cead mac Mágach an meall uathu agus chaith sé leis an rí é. As sin amach, is ionann an scéal agus an leagan thuas.[2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, ll. 52 ff.
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 825.