Conchúr mac Neasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conchúr Mac Neasa)
Infotaula de personaConchúr mac Neasa
Conchubar.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDeirdre
Méabh
Mugain
Cloithre Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCormac Cond Longas
 (OOjs UI-like kinship-progressive-black.svg )
Glaisne
 (OOjs UI-like kinship-progressive-black.svg Mugain)
Furbaide Ferbend
 (OOjs UI-like kinship-progressive-black.svg )
Cúscraid Mend Macha
 (OOjs UI-like kinship-progressive-black.svg )
Fedelm Noíchrothach
 (OOjs UI-like kinship-progressive-black.svg ) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathbhadh agus Fachtna Fáthach  agus Neasa
SiblínDeichtine agus Fionnchaomh
Duine muintearthaNaoise (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí ar Chúige Uladh ba ea Conchúr mac Neasa. De réir traidisiúin, bhí sé ar dhuine de na ríthe ba chumasaí sa tír, ach níl aon fhianaise stairiúil ann faoi toisc gur mhair sé sa tréimhse réamh-Chríostaí. Tugtar An Rúraíocht mar ainm ar an sraith scéalta a chuireann síos ar a réim.

Ba í Eamhain Mhacha a phríomhchathair, agus An Chraobh Rua a tugadh ar na saighdiúirí a bhí aige.

Cathbhadh a bhí ina dhraoi aige, agus tráth ar rugadh leanbh, thuar an draoi go mbeadh sí níos áille ná bean ar bith eile in Éirinn, go bpósfadh Conchúir í, agus go mbeadh brón agus ár ann dá bharr. Dá bhrí sin, thug sé Deirdre (brón) mar ainm uirthi. Insítear a scéal in Oidheadh Chlainne Uisnigh.

Ba le linn Chonchúir a tháinig Cú Chulainn chun cinn agus tá a chuid eachtraí agus eachtraí eile le fáil sa Táin.

Bás Chonchúir mhic Neasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an tseanchais, fuair Conchúr bás ar an gcéad Aoine Chéasta de bharr na feirge a tháinig air nuair a insíodh dó go raibh Mac Dé tar éis a bheith curtha chun báis. Bhí Conchúr tinn an uair sin de bharr liathróid chatha a bhí sáinnithe ina cheann. Bhí an liathróid sin déanta as inchinn Mheas Geaghra, a meascadh le beagán aoil chun liathróid bheag chrua a dhéanamh. Is é Conall Cearnach a mharaigh Meas Geaghra agus a rinne an liathróid inchinne, cé gur Cead mac Mághach a scaoil an liathróid le Conchúr agus cath ar siúl idir na Connachta agus na hUlaidh. Chuaigh an liathróid i sáinn i gcloigeann Chonchúir mhic Neasa agus dúirt na lianna leis gur baol go bhfaigheadh sé bás dá mbainfí an liathróid as a chloigeann. Thairis sin, bheadh ar an rí gach strus, stró, agus brú a sheachaint mar d'fhéadfadh an liathróid léim óna chloigeann de bharr an iomarca struis.

Ar Aoine Chéasta, tháinig dorchadas sa spéir agus uraíodh an ghrian. D'fhiafraigh Conhchúr dá lucht draíochta cén t-údar a bhí leis an dorchadas. Nuair a mhínigh siad dó go raibh Mac Dé á mharú, chaill Conchúr a mheabhair gur chuaigh sé amach sa choill ag leagan crann gan stad agus a rá gur mar sin a leagfadh sé naimhde Mhic Dé ach an deis a bheith aige. De bharr an struis ar fad, léim an liathróid inchinne as a chloigeann agus fuair sé bás i bhfaiteadh na súl.

Tá cur síos cruinn simplí as Gaeilge ar na heachtraí seo déanta ag Séamas Ó Searcaigh ina leabhar Laochas (1945).