Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)

Is iad Óglaigh na hÉireann nó Fórsaí Cosanta na hÉireann, an tArm, an tAerchór, agus an tSeirbhís Chabhlaigh atá ag cosaint Phoblacht na hÉireann. Irish Defence Forces a thugtar orthu as Béarla.

Saighdiúirí - Arm na hÉireann

Is é misean na nÓglach slándáil a chinntiú don Stát trí chríocha iomlána na tíre a chosaint le lámh láidir de réir mar atá ordaithe ag an Rialtas. Is iad na cúraimí atá ar na hÓglaigh, de réir mar atá ordaithe ag an Rialtas na hÉireann ná::

  • an Stát a chosaint ar ionsaí armtha,
  • cuidiú leis na Gardaí an tsíocháin a choiméad sa tír,
  • eadráin a dhéanamh i machairí áir an domhain, go háirithe faoi bhrat na Náisiún Aontaithe, agus
  • coimirce a thabhairt do na hiascairí timpeall na tíre.

Arm[athraigh | edit source]

Is é Arm na hÉireann an brainse is mó de na hÓglaigh, agus ocht míle go léir de shaighdiúirí ar fiannas ansin. Tá trí bhriogáid cos-slua ann faoi láthair, is é sin, briogáid an Deiscirt, briogáid an Oirthir, agus briogáid an Iarthair.

Mairnéalaigh - Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann

Cabhlach[athraigh | edit source]

Tá ceanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh suite in Inis Sionnach i gCuan Chorcaí. Tá 1,144 mairnéalach ar fiannas sa tSeirbhís Chabhlaigh, agus ocht long ann ar fad. Is iad na longa ná LÉ Emer (P21), LÉ Aoife (P22), LÉ Aisling (P23), LÉ Eithne (P31), LÉ Orla (P41), LÉ Ciara (P42), LÉ Niamh (P52), agus LÉ Róisín (P51).

Aerchór[athraigh | edit source]

Is é Aerchór na hÉireann aerfhórsa Bhuan-Óglaigh na hÉireann, agua é lonnaithe in Aerfort Mhic Easmainn, i gContae Átha Cliath. Tá thart ar 850 duine ar fiannas san Aerchór i láthair na huaire.