Maol Dúin
Cineál | carachtar liteartha |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Iomramh Curach Mhaoil Dúin |
Dáta | |
Inscne | fireann |
I miotaseolaíocht na nGael, scéal Iomraimh[1] is ea Iomramh Curach Mhaoil Dúin (Sean-Ghaeilge Immram Curaig Maíle Dúin). Máel Dúin mac Ailealla Eochair Agartha is ea laoch an scéil. Is dúnmharú a athar é spreagadh an tsága.
Stair an téacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scéal den genre Immram, spreagtha b'fhéidir ag na scéalta clasaiceacha agus a laochra Jason, Odaiséas agus Aeinéas.[2]
Téann an scéal féin, idir phrós agus fhilíocht Sean-Ghaeilge, siar go dtí an 8ú haoise. Caomhnaítear an téacs i leagan Meán-Ghaeilge ón de chuid na 11ú haoise, luaite le Áed the Fair, a deirtear gurbh "ard ollamh" é. Faightear an téacs i Leabhar na hUidhre; lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga na hÉireann; agus i Leabhar Buí Leacáin, MS. H. 216, Leabharlann Choláiste na Tríonóide. Tá blúiríní le feiceáil in Harleian MS. 5280 agus Egerton MS. 1782 sa British Museum.[2]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éignigh an gaiscíoch istAilill Eochair[3] Agartha (Ailill Ochair Aghra) bean rialta as mainistir Chill Dara, agus rugadh Maol Dúin mar thoradh. Tar éis dúnmharú a athar ag foghlaí, tógadh é chuig dún an rí. Nuair a chuala sé sa deireadh scéal a thuistí – bás a athar ach go háirithe – d'imigh sé ar turas mara le curach le roinnt er compánach, chun díoltas a bhaint amach.
Ag triall ar muir, bhuail siad ar scata oileán le seangáin daoniteacha, éin a d'itheadh úlla óir (féach freisin Avalon), ar oileán na gáire síoraí b'éigean dóibh compánach a fhágáil ann (féach freisin Immram Brain). Shroich siad faoi dheireadh oileán banfhlatha, agus cuireadh fáilte rompu le trí lá. Ach nuair a d'fhiafraigh compánach di ar mhaith léi fanacht le Maol Dúin, cuireadh ar an dtoirt an ruaig orthu ar an bhfarraige mhór amach ag ceo draíochta (Fíth-fáth). Lean siad leo ar fánach, agus tar éis cuairt a thabhairt ar níos mó ná tríocha oileán, tháinig siad ar ais go hÉirinn. D'aimsigh Maol Dúin marfóirí a athar, agus mhaith sé iad as carthanas chríostaí.
Ábhar Críostaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Molann Hans Oskamp gurb é Immram Maíle Dúin an scéal is luaite a bhaineann leas gan idirdhealú as ábhar págánach agus Críostaí indiscriminately.[4] Tugann Elva Johnston faoi ndeara go dtugann an mhoill breis ama do Mhaol Dúin chun athmhachnamh a dhéanamh ar a dhíoltas, agus ríthábhachtach dá bharr ina slánú.[5] Tá buíochas Mhaoil Dúin as ucht cabhair Dé níos treise ná fonn díoltais.[6]
Cóirithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ní fhaightear in Voyage of Maeldune le Alfred Tennyson oiread ach creatlach an scéal.
- Chóirigh Thomas Wentworth Higginson an sága go garbh ina ghearrscéal Maelduin's Voyage. Is ridire Éireannach é 'Maelduin' a chuirtear ar turas mara ag draoi.[7]
- D'eagraíodh Joseph Jacobs leagan dílis den scéal, fóirsteanach do pháistí, maraithe ag John D. Batten, in Book of Wonder Voyages.[8]
- Scríobh Patricia Aakhus leagan úrscéalach, The Voyage of Mael Duin's Curragh, foilsithe sa bhliain 1989.[9][10]
- Ath-insint nua-aimseartha den scéal is ea A Celtic Odyssey le Michael Scott.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. 2., korrigierte und erweiterte Auflage. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur. Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
- H. P. A. Oskamp, The Voyage of Mael Dúin. A Study in Early Irish Voyage Literature followed by an Edition of Immram Curaig Maele Dúin from the Yellow Book of Lecan, in Trinity College, Dublin. Wolters-Noordhoff, Groningen, 1970.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Voyage of Maelduin in The Book of Wonder Voyages ar Wikisource (en)
- Immram curaig Mail Dúin ar CODECS
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 844.
- ↑ 2.0 2.1 Encyclopedia Britannica B1911, Maelduin, Voyage of, imleabhar 17, lch. 297
- ↑ eochair2, béal, imeall, ar teanglann.ie FGB
- ↑ Oskamp, H. P. A. (1970), The Voyage of Máel Dúin. A study in early Irish voyage literature followed by an edition of Immram Curaig Máele Dúin from the YBL in TCD, Wolters-Noordhoff Publishing Company, Groningen, p. 43
- ↑ Johnston, Elva (2003), Devlin, Judith; Clarke, Howard B. (eds.), "A Sailor on the Seas of Faith: The Individual and the Church in The Voyage of Mael Duin", European Encounters: Essays in Memory of Albert Lovett, University College Dublin Press, hdl:10197/8328
- ↑ Visser, Margaret (2009), The Gift of Thanks: The Roots and Rituals of Gratitude, Houghton Mifflin Harcourt, ISBN 9780547428444
- ↑ Higginson, Thomas Wentworth (1898), "XI. Maelduin's Voyage", Tales of the Enchanted Islands of the Atlantic, The Macmillan Company, pp. 96–107
- ↑ Jacobs, Joseph, ed. (1896), "The Voyage of Maelduin", The Book of Wonder Voyages, pp. 91–185
- ↑ Cotter, James Finn (Earrach 1990), "Review: The Voyage of Mael Duin", The Hudson Review, 43 (1): 165–169, doi:10.2307/3852359, JSTOR 3852359
{{citation}}
: Check date values in:|date=
(cabhair) - ↑ Weber, Katherine (28ú Eanáir 1990), "IN SHORT; FICTION", www.nytimes.com (National ed.), p. 7007022
{{citation}}
: Check date values in:|date=
(cabhair)