Nuadha Neacht
Appearance
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Rúraíocht |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Eile | |
Cúram | Ardrí na hÉireann |
Sa Rúraíocht agus Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Nuadha Neacht (Sean-Ghaeilge Nuadu Necht), (sa chiall glan, geall), mac Sétna Sithbac, sliocht de chlann Crimthann Coscrach, Laighin. Tháinig sé i gcoróin agus a réamhtheachtaí, Eterscél Mór, básaithe aige. Mharaigh Conaire Mór mac Eterscéil é in am agus i dtráth.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé i réim ach ar feadh sé mhí. I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:
- Leabhar Gabhála na hÉireann: ar chomhaois le hImpire na Róimhe, Augustus (27 RC – AD 14), Críost, agus ríthe finscéalacha na cúigí, Conchobar mac Nessa (U), Cairpre Nia Fer (L) agus Ailill mac Máta (C).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 64 – 63 RC[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: go dtí 111–110 RC,[3] 'sé sin, na céadta níos luaite; curtha le chéile ar feadh lánbhliana le hÉr, Orba, Ferón agus Fergna.[4]
Sa Rúraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]San Fhiannaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba shinsear Fionn mac Cumhaill, mac Treunmor mac Suaelt mac Eltan mac Baoisgne mac Nuada Necht féin.
Ceaptar scaití gurbh athair an draoi Tadg mac Nuadat (arbh mháthair Fhinn í a iníon, Muirne) é Nuadha Neacht féin, cé go bhfuil Nuada Airgeadlámh na dTuath Dé Danann atá i gceist.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 301
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M5089-5088
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M3519
- ↑ James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 308
Réamhtheachtaí Eterscél Mór |
Ard-Rí na hÉireann LGE 1d aois AD FFE 64–63 RC ACM 111–110 RC |
Comharba Conaire Mór |