Muireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Muirne)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMuireann
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíFionn mac Cumhaill Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníUirne Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na nGael agus An Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

San Fhiannaíocht i Miotaseolaíocht na nGael, máthair Fhionn mhic Chumhaill ab ea Muireann Muinchaomh (Sean-Ghaeilge Muirenn Muincháem[1][2]).

Bhí a lán suiríoch aici, ach bhí tuar feicthe ag a hathair, an draoi Tadg mac Nuadat, go gcaillfeadh sé a theach ar chnoc Almha dá bpósfadh sí, mar sin, dhiúltaigh sé iad cách. Ach d'fhuadaigh duine dóibh, Cumhall, í. Rinne Tadhg achainí ar Ard-Rí na hÉireann, Conn Cétchathach, a d'eisreachtaigh Cumhall agus chuaigh ar a thóir.

Maraíodh Cumhall sa Chath Cnucha, ach bhí Muireann torrach cheana féin, agus dhiúltaigh a hathair dá bharr, agus d'inis sé dá lucht leanúna í a dhó. Chuir Conn bac ar seo, agus sheol sé Muireann mar iníon altrama go Fiacal mac Conchinn agus a bhean chéile wife, an bandraoi Bodhmall, deirfiúr Chumhaill. Rugadh mac di, a thug sí an t-ainm Deimne dó, nó Fionn mar a raibh aithne níos cáiliúla air.

D'fhág Muireann an buachaill faoi chúram Bhodhmaill agus an banghaiscí Liath Luachra, a thóg faoi rún é sa choill ar Shliabh Bladhma. Phós sí an rí áitiúil, Gleor Lámderg, in am trátha, agus chonaic sí a mac ach uair amháin eile, á chuairt sa choill.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • T. P. Cross & C. H. Slover (eag) (1936), Ancient Irish Tales
  • James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Muirenn ar eDIL
  2. 1 muin ar eDIL