Donn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éibhear Donn)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, sinsear na nGael ab ea Donn (Prótai-Ceiltis *Dhuosnos)[1][2], a tuigtear Éibhear Donn air chomh maith. Creidtear gur dhia na marbh é.[2][3][4]. Athair Dhiarmada Uí Dhuibhne ab ea é, a thug sé d'Aonghas Óg é mar mhac altrama.

An Tarbh, amach ón gcósta iardheisceart na hÉireann, aitheanta le Tigh Doinn

Teach Doinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go bhfuil Donn ina luí Tigh Doinn (Teach Doinn, Sean-Ghaeilge Tech nDuinn).[5] Is amhlaidh gurbh áit é Tech Doinn ina bhailíodh anamacha na marbh sula dtéidís chuig a gceann scríbe sa Saol Eile, nó sula athionchollaíodh iad.[5]

  • Scríobhadh i ndán de chuid na 9ú haoise gurb é guí a bháis go rachadh a mhuintir "... chugam, chuig mo thigh, rachaidh sibh uile tar éis bhur mbás".[1]
  • De réir an scéil Airne Fíngein ("Faire Fhínninn") de cuid na 10ú haoise gurbh é ag Tigh Doinn a bhailíonn anamacha na marbh.[6]
  • Tá nod ann san aistriúchán den scéal Agallamh na Seanórach le hAnn Dooley agus Harry Roe gurbh ionann "dul go dtí Tigh Doinn" agus "bás d'fháil".[5] Moltar seo gur chreid na Gaeil ársa gurbh é Donn a sinsear, agus go rachaidís chuig a Thigh tar éis a mbás.[7]
  • De réir Iúil Caesar, mhaíomh na Gallaigh chomh maith gur de shliocht rí an domhain thíos ab ea iad, a shamhlaigh sé le Dīs Pater.[4]

Leabhar Gabhála na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na scríbhneoirí den Leabhar Gabhála na hÉireann, ba shliocht den Chlann Mhíle é Donn.[5] I rith ionsaí na hÉireann ag Clann Mhíle, dhún Donn a shúile ar Ériu na dTuath Dé Danann, ar cheann de na déithe eapainmneacha na hÉireann, agus bháigh' sé dá bharr i longbhriseadh amach ón gcósta iardheisceart. D'adhlaic é ar oileán carraigeach, darb ainm anois Tigh Doinn[8] [2] (féach #Tíreolaíocht thíos).

Dinnseanchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Dinnseanchas

Insítear sa Dinnseanchas Aoi an scéal seo faoi Thigh Doinn:

Sean-Ghaeilge[9] Nua-Ghaeilge
‘Berar a choland isin carraic n-aird thall’, ol[10] Aimhirghen: conidh de dogarar Teach nDuind. ‘Ticfad a munnter an maighin[11] sin’, ol Amhirghen. Is aire sin adellad na h-anmanda peccacha co teach nDuind ría techt a n-ifearn, do reír na ngennti, cédus, co tabraid a m-bendachtain for anmain Duinn. Madh anum fírén imorro fir aithrighe is di chéin adcí-sidhe, & ní berar fordul.[12] 'Beirtear a chorp insan gcarraig ard thall', ar Aimhirgin: dá bharr a ghlaoitear Tigh Doinn é. ‘Tiocfaidh a mhuintir ann.’[13] Is é seo an fáth a thagann anamacha na bpeacach go Tigh Doinn sula théann go hIfreann, de réir na bpágánach, agus a thugann a mbeannacht ar anam Doinn. Ach anam fíréanta aistrígh, féachann sé an áit ó fhad i gcéin, agus ní chuirtear amú.

Togail Bruidne Dá Derga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal úd, fuair Conaire Mór rí a bhás i mBrú Dé Dheirg. Ar a shlí ann, bhuail Conaire le tríú fear dearg ag marcaíocht ar chapaill dhearga ón saol eile. Thug na fir tairngreacht a bháis agus dúirt leis "Táimid ag marcaíocht ar chapaill Doinn […] cé go bhfuilimid beo, táimid marbh".[2] Ghlaoitear "rí na marbh" ar Dhonn sa scéal.[2] Moladh gurb ionann Dia Dearg agus a Bhrú, agus Donn agus a Thigh.[5] D'fhéadfadh é gurb ainm dia an anbháis nó íobartha atá i gceist anseo, agus dá bharr an t-ainm "dia dearg".[2]

Tochmharc Treabhlainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal úd, d'éalaigh an bhean bhuan Treabhlann leis an bhfear daonna Fraoch, agus sheol sé chuig Tigh Doinn í agus é ar tóraíocht. Deirtear sa scéal seo gur mhac nó mac altrama an Daghdha é Donn.[14][15] Thug Dáithí Ó hÓgáin faoi ndeara na cosúlachtaí idir an mbeirt, agus mhol sé go bhféadfadh é gur bhuafhocal Daghda é Donn ó thús.[2]

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig béaloideas faoi Dhonn slán go dtí an ré luath-nua-aimseartha.

I gContae Luimnigh, dúradh go gcónaíodh Donn Fírinne i gCnoc Fírinne, diaga,[16] agus go dtabhartaí daoine isteach sa chnoc tar éis a mbás.[2] Dúradh go nochtadh sé féin mar mharcach sí ar chapall bán. Bhí sé gaolta leis an aimsir: chiallaíodh toirneach agus tintreach go raibh Donn Fírinne ag marcaíocht tríd an spéir; agus, má bhí na scamaill thar an gcnoc, go raibh sé á mbailiú chun báisteach a dhéanamh. B'fhéidir é gur spreagadh an creideamh seo ag seanchas Odin agus a chapaill, Sleipnir i scéalta na lonnaitheoirí lochlannacha i Luimneach.[2] Dúradh cinn maith go nochtadh Donn Fírinne agus thugadh rabhadh don té a chuirfeadh isteach ar a chnoc.

In iarthar Contae an Chláir, bhí neach dárbh ainm Donn na Duimhche nó Donn Dumhach, lena buaileadh mar "mharcach na hoíche".[2]

Níos déanaí sa bhéaloideas, d'éirigh gnáthbhrí ar an ainm 'Donn' agus 'tiarna an tsaoil eile'.[2]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Tigh Doinn aitheanta go minic leis An Tarbh,[17] oileán beag amach ón ngob deisceart an Bhéarra. Is cosúil le cromleac é An Tarbh, óir go bhfuil tionól nádúrtha tríd a lár, ina sruthaíonn an fharraige amhail is tairseach a raibh ann.[18] Chreidtí in Éirinn ársa go dtéadh anamacha na marbh siar thar an muir le dul faoi na gréine.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hy-Brasil - oileán seanscéalach thiar ó Éirinn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Ó hÓgáin, Dáithí. The Sacred Isle: Belief and Religion in Pre-Christian Ireland. Boydell & Brewer, 1999, ll. 27, 58
  2. 2.00 2.01 2.02 2.03 2.04 2.05 2.06 2.07 2.08 2.09 2.10 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, ll. 165-166, 154
  3. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 135
  4. 4.0 4.1 Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 601, 1133
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Freitag, Barbara. Hy Brasil: The Metamorphosis of an Island. Rodopi, 2013, ll. 98-99, 101
  6. "Fingen's Night-Watch, Airne Fingen, MS. Stowe D.4.2, R.I.A, Aistr. T. P. Cross & A. C. L. Brown".
  7. Maier, Bernhard. Dictionary of Celtic Religion and Culture. Boydell & Brewer, 1997, lch. 97
  8. "The Irish version of the Historia Britonum of Nennius (lch. 223)".
  9. The Metrical Dindshenchas ar CELT, dán/scéal 113
  10. 6 ol ar eDIL
  11. maighin ar eDIL
  12. fordul ar eDIL
  13. Féach laighean Lir. ar teanglann.ie FGB; áit
  14. Reinhard, John. The Survival of Geis in Mediaeval Romance. M Niemeyer, 1933, lch. 26
  15. Zeidler, J. Ancient and Medieval Celtic Myths of Origin, ll. 10-11
  16. Cnoc Fírinne ar logainm.ie
  17. An Tarbh ar logainm.ie
  18. Ó hÓgáin, Dáithí. The Lore of Ireland. Boydell Press, 2006, lch. 179