Gradaim an Acadaimh

Is ionann Gradaim an Acadaimh (The Academy Awards as Béarla), nó Na hOscair, agus gradaim a bhíonn á mbronnadh ag Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí. Déantar é seo ag searmanas gach uile bhliain.
Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.
Bronntar deilbhín óir ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Bhí na deilbhín déanta ag George Stanley agus rinne se é as sceitse Cedric Gibbons.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh tús leis na Gradaim ar 16 Bealtaine 1929.
Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |