Cormac Mac Cárthaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 haois |
Bás | 1138 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teaghlach | |
Teaghlach | MacCarthy |
Páiste | Diarmait mac Cormaic |
Athair | Muireadach Mac Cárthaigh |
Siblín | Tadg mac Muiredaig meic Cárthaig agus Donnchad Mac Cárthaigh |
Rí na Mumhan ba ea Cormac Mac Cárthaigh (bás 1138). Ba bhall é is léir den chlann Mhic Cárthaigh d'Eoghanacht Chaisil. Rí deireanach de ríocht aontaithe na Mumhan ab ea é, sular críochdheighleadh in dhá leath í, Deasmhumhain agus Tuamhain, mar thoradh Chonradh Ghleann Maghair.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis bhás Ceallacháin Chaisil, thit chumhacht na nEoghanacht i léig agus bhí ríogacht na Mumhan faoi cheannas an Dáil Chais. Faoina 1070idí, bhí Caiseal féin i seilbh Uí Bhriain. Chuaigh na hEoghanachta Chaisil díshealbhaithe siar agus faoi aimsir Mhuireadaigh mhic Cárthaigh, bhí siad b'fhéidir lonnaithe áit éigin i gceantar Imligh-Dúiche Ealla. Tar éis bhás Mhuireadaigh sa bhliain 1092, maraíodh gan mhoill a dheartháir agus a chomharba ag Ceallachán Ua Ceallacháin, a thug dó féin an teideal 'Ua Ceallacháin Chaisil'. D'fhéadfadh é gur mharaigh Mhic Cárthaigh é siúd sa bhliain 1115, le linn teacht i réim Thaidhg mhic Mhuireadaigh Mhic Cárthaigh.[1]
Conradh Ghleann Maghair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir rí na Mumhan agus Ardrí na hÉireann ba ea Muircheartach Ua Briain (c. 1050 – c. 1119), dubhó Bhriain Bóramha (c. 937 - 1014). D'éirigh sé an-tinn sa bhliain 1114, agus rinneadh dtugtar dá chumhacht dá bharr. Rinneadh achrann idir é agus a dheartháir, Diarmaid, Dux Chorcaí, níos measa ag coimhlint le mór-ríochtaí eile na tíre, amhail is Connacht, Aileach agus Laigin. Thug sí an deis do chlanna Uí Bhriain, amhail is deartháireacha Mhic Cárthaigh, a neamhspleáchas a éileamh.
Bhí Tadhg Mac Cárthaigh ina cheannaire i ndáiríre in iardheisceart na Mumhan sa bhliain 1118, nuair a theith mic Diarmaid Ua Briain roimh an rí nua, Brian Ua Briain. Ag iarraidh Mac Cárthaigh a chur faoi chois, chuaigh Ua Briain i ngleic leis ag Gleann Maghair ach cloíodh é agus mharaigh Turloch mac Diarmada é.
Mhúscail scéala na cliste Muircheartach as a scor. Thug sé ríogacht na Mumhan arís, agus chuaigh le slua mór ó dheas, i dteannta lena comhghuaillithe, ríthe na gConnacht, na Mí agus Bréifne. Bhí sé áisiúil ámh ag an rí is cumhachtaí, Toirdhealbhach Ua Conchúir (1088–1156), go mbeadh an Mhumha fós roinnte. Rinne sé "conradh seasmhach" le Tadhg, á aithint go hoifigiúil don chéad uair mar rí na Deasmhumhan, agus tógadh Tuamhain do mhic Dhiarmada Uí Bhriain.
Agus an Mumha roinnte ina dá leath, d'éirigh Toirdhealbhach ina Ardrí na hÉireann, le freasúra, go dtí a bhás sa bhliain 1156. D'éirigh Tadhg amach, rinne Toirdhealbhach ionsaí agus rinne sé slad ar an Deasmhumhain sna blianta 1121, 1122 agus 1123. Ag deireadh an ama sin, d'éirigh Tadhg an-tinn; d'éirigh sé as a choróin roimh a bhás, agus tháinig Cormac i gcomharbacht air.
Cormac, Rí Dheasmhumhan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go luath sa bhliain 1124, tháinig Toirdhealbhach Ua Conchobair le cabhlach na gConnacht chuid an Mumhain chun a cheannas ar an Tuamhain agus an nDeasmhumhain a éileamh. Baineadh a aird i leataobh áfach ag ruathar gan choinne as an Mí agus Bréifne. Thóg Cormac an deis chun comhaontas a dhéanamh le ríthe na Laighean, na Mí agus Bréifne, agus d'ullmhaigh sé na Connachta a ionsú.
Tháinig siad chuig Áth Luain ach bhí Ua Conchobhair ann rompu. Óir go raibh Cuthach mar cheannaire an éirí amach, chuir Toirdhealbhach ar an dtoirt gialla na Deasmhumhan chun báis, ina measc Maol Seachlainn, mac Chormaic. Agus é tuigthe aige nach mbuafadh sé in éadan Toirdhealbhaigh ach le mór-ár, chuaigh Cormac abhaile go dobrónach.
Sa bhliain 1125, ghabh Cormac cathair Luimnigh de Bhriain Ua Briain, beart a tuigeadh mar ghlacadh ríogacht na Mumhan go léir. Ba mhasla é fosta do Thoirdhealbhach, aitheanta anois mar lán-Ardrí. An bhliain dár gcionn, rinne sé ruathar ar Chormac ina champa míleata sna hOsraí, agus chloígh go dona é. De bharr seó, cuireadh Cormac ag a choróin sa bhliain 1127, agus tháinig a dheartháir, Donnchadh, ina ionad.
Ghéill Donnchadh do Thoirdhealbhach tar éis léigear chathair Chorcaí ar Lá Fhéile Bríde 1127, i dteannta le Uí Mhathúna, Uí Dhonnchadha, Uí Chaoimh, Uí Bhric, Uí Chonchúir Ciarraí.
Rinne Cormac corann ar féin, ghabh ord beannaithe agus chuaigh ar scor chuig mainistir Leasa Mhóir.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Francis J. Byrne, Irish Kings and High Kings
- Nicholls, Kenneth (2003). "Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages". Baile Átha Cliath: Lilliput Press.
- Jefferies, Henry A. (1983). "Desmond: the early years & the career of Cormac Mac Carthy". Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 88: 81–99. Curtha i gcartlann 2011-05-27 ar an Wayback Machine
- Jefferies, Henry A. (1983). "Desmond: the early years & the career of Cormac Mac Carthy". Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 88: 81–99. Curtha i gcartlann 2011-05-27 ar an Wayback Machine
- ? (2004). "Cormac's Chapel". In David Edwards (ed.). Regions and rulers in Ireland, 1100-1650: essays for Kenneth Nicholls. Four Courts.
{{cite encyclopedia}}
: CS1 maint: numeric names: authors list (link)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Henry Alan Jefferies, Desmond
- CELT
- Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114-1437) (Leabhar Mhic Cárthaigh),
- "The Desmond Survey". CELT: Corpus of Electronic Texts.
- Eoghanacht Genealogies
- Brian Jones, Carthach et al.
Tagairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Jefferies, "Desmond: the early years & the career of Cormac Mac Carthy"
Réamhtheachtaí Muirchertach Ua Briain |
Rí na Mumhan 1127–1138 |
Comharba folamh |