Bréifne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ard-ríocht nó 'cúige' ab ea Bréifne in Éirinn na meánaoise, suite tráth i gContae Liatroma, Contae an Chabháin agus codanna de contaethe buailte leo, agus ar chomhchríoch a bheadh nó a mhór le Deoise Chill Mhór.

Faoin 10ú haois, bhí Bréifne tags amach mar chónaidhm túath, i gceannas rí ruire roghnaithe as Uí Bhriúin Bhréifne. Sa 13ú haois, scoilt Bréifne ina dhá leath, Bréifne Thiar faoin Uí Ruairc, agus Bréifne Thoir faoin Uí Raghallaigh. Sa 16ú haois, ainmníodh iad siúd faoi seach Liatroim, a cuireadh ar ais i gCúige Connacht, agus Cabhán, a cuireadh i gCúige Uladh.

Connacht Uí Ruairc
Bréifne Thiar
Uí Raghallaigh
Bréifne Thoir
Uladh

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go bhfuil an t-ainm Bréifne[1] fréamhaithe ó sheanfhocal le ciall "cnocach", mar is oiriúnach don chuid seo den tír.[2] Glaodh 'trian garbh na gConnacht' uirthi. Mar mhalairt air sin, insítear i ndán de chuid an Dinnseanchais Aoi go bhfuil an focal gaolta le Bréifne iníon Beoan mhic Bheathaigh, banlaoch cróga.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I laethanta ársa, deirtear go raibh na tailte thar timpeall Loch Éirne ina mbeadh an Bhréifne lonnaithe ag na hErdini, as Gaeilge 'Earnaigh'.

Clanna Bhréifne c. AD 700

Timpeall am theacht na Críostaíochta go hÉirinn (c. 5ú – 6ú haoiseanna), i measc dreamanna a chreidtear a bhí i mBréifne féin nó gar di, bhí na Glasraighe, Masraige, Dartraige, Armhaighe, Gallraighe, na Fir Manach, agus Gailenga.

Timpeall na 6ú haois, creidtear gur bhog dream darbh ainm Conmhaicne Réin ó thuaidh ó Dhún Mór i gContae na Gaillimhe agus gur lonnaigh siad i Maigh Réin (an ceantar thart ar Fíonach). As seo anall, lonnaigh siad Liatroim Theas, ar a glaodh ansin Maigh Réin, agus a lonnaitheoirí Conmhaicne Mhaigh Réin. I measc na gclann, bhí Muintir Eolais, Muintir Cearbhalláin (O Mulvey), agus Cineál Luacháin, srl.

Timpeall na 8ú haoise, chloígh Uí Bhriúin, géag rítheaghlach na gConnacht, an ceantar aitheanta as sin mar Bhréifne. Lonnaigh Uí Bhriúin i Liatroim ar dtús, agus ansin soir i gCabhán isteach.

Faoin 9ú haois, bhí Uí Ruairc curtha ar a mboinn féin mar ríthe Bhréifne.

Sna 10ú agus 11ú haoiseanna, bhí Uí Ruairc ríthe Bhréifne in iomaíocht bheith ina rí Chonnacht, agus bhain ceithre ríthe éagsúla an teideal úd amach.

Bhain Bréifne a buaic amach le linn na 12ú haoise agus Tighearnán Ua Ruairc i gcoróin. Dúradh go raibh sa ríocht mar chríocha ansin an chuid is mó de chontaetha Liatroma agus Cabháin, agus codanna de chontaetha Longfoirt, , Fhear Manach agus Shligigh. Le linn an chuid deiridh dá réimse, sheas Bréifne ar an bhfís in éadan na Normannach. Tar éis dá fheallmharú sa bhliain 1172, tharla achrann comharbais idir Uí Ruairc agus Uí Raghallaigh.

I ndiaidh Chath Mhaigh Sleacht sa bhliain 1256, scoilteadh Bréifne ina dá leath: Bréifne Thoir, faoin Uí Raghallaigh; agus Bréifne Thiar faoin Uí Ruairc.

Sa 16ú haois, faoi Eilís I, rinneadh Contae Liatroma de Bhréifne Ó Ruairc, agus fágadh i gcúige Chonnacht é, agus rinneadh Contae an Chabháin de Bhréifne Ó Raghallaigh, agus cuireadh i gcúige Uladh é.

Críocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na críocha a leanas mar chuid den Bhréifne:

Ríthe na Bréifne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh é Aodh Fionn mac Feargna an chéad rí Bhréifne, agus Conchúr Ó Ruairc an rí deireanach, i réim 1250 – 1256. Bhíodh príomhchathair acu ag Droim Dhá Thiar.

Bréifne an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh an teideal cúirtéise Prionsa Bhréifne ar Thaoiseach Ó Ruairc sa bhliain 1994 ag Oifig an Phríomh-Arailt. Sa bhliain 2003, ámh, d'éirigh an Príomh-Aralt as teideal dá leithéid a thabhairt amach, de bharr scannal faoi Mhac Cárthaigh Mór.

Prionsaí Bhréifne

  • Geoffrey Philip Colmb O'Rourke, Taoiseach Uí Ruairc, Prionsa ón mbliain 1994 go dtí an lá atá inniu ann.
  • Joseph Martin O'Reilly, Taoiseach Uí Raighailligh, Prionsa ón mbliain 2017 go dtí an lá atá inniu ann, mar Phrionsa Prince of East Breifne agus Prince Bhréifne. Is ardbhall é den rítheaghlach Bréifne Ó Raighailligh, agus aithnítear é ah roinnt cúirteanna ríoga ar fud an domhain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "A Travel Guide to Bréifne: the Lost Kingdom of Ireland" (2006). Belfast: The Stationery Office Ltd. 
  • "A New History of Ireland" (1984) IX. 
  • "O'Reillys of East Breifne: O Raghalliagh, Kings of Muintir Maoilmhordha, a.1161–1607" : 229–230. , in Martin; Moody (1984)
  • "O Ruairc, Kings of Breifne, a.1128–1605" : 228–229. , in Martin; Moody (1984)
  • Cú Choigcríche Ó Cléirigh [Book of Genealogies]. (1642). On microfilm in Irish national archives.
  • O'Hart, John (1876). "Origin and Stem of the Irish Nation". 

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]