Diarmait Ua Briain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmait Ua Briain
Beathaisnéis
Breithc. 1060
Bás1118
57/58 bliana d'aois
Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rí na Mumhan
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois
Teaghlach
PáisteToirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain, Conchúr Ó Briain, Tadg Gláe mac Diarmata Ua Briain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach Ua Briain  agus Dubchoblaig of the Ui Cheinnselaig (en) Aistrigh

Rí Mumhan (éilitheoir) ba ea Diarmaid Ó Briain (Diarmait Ua Briain) (1060 – 1118). Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 1114. Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain na ea a athair

Chuir a dheartháir Muircheartach an ruaig air as an Mumhain, go gairid tar éis bhás a n-athar sa bhliain 1086. Bhí sé ar deoraíocht le roinnt blianta. Creidtear go raibh sé i gceannas cabhlaigh a thug tacaíocht do Rhys ap Tewdwr ag Cath Mynydd Carn.[1][2]

Sa bhliain 1093, rinne sé síocháin le Muircheartach tar éis dó a éileamh a aithint, agus rinneadh dux Phort Láirge de. Sa deireadh, tháinig sé i gcoróin mar rí gníomhach nuair a buaileadh drochbhreoite ar a dheartháir sa bhliain 1114. Ar an dtoirt, dhíbir sé Muircheartach agus thosaigh ansin achrann ceithre bliana le haghaidh cheannas ar an Mumhain. Sa bhliain 1116, rinne sé ruathar ar Muircheartach agus Brian Ua Briain "dar comluga[3] mind h-Érend." ((sárú) ar comhaontú mionn[4] Éireann), agus chuir sé Luimneach faoi léigear. Mar thoradh, rinne Muircheartach síocháin le Diarmaid,[5] ach ghabh Muircheartach é i ndeireadh na dála.

Fuair sé bás i gCorcaigh sa bhliain 1118. An bhliain chéanna, rinne Toirdhealbhach Ua Conchobair ionsaí ar an Mumhain agus críochdheighil sé an ríocht idir faoi seach: mic Dhiarmada agus Tadg Mac Carthaig, Conchobar Ua Briain, Tuadhmhumhain; agus Toirdelbach Mac Carthaig, Deasmhumhain .[6]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Diarmaid pósta le Mór Ua Conchúir ní Ruaidrí, rí Chonnacht (bás 1118), agus bhí beirt mhac acu:[7][8]

Bhí beirt mhac eile aige le mná chéile nó mistresses anaithnid:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hollister, Charles Warren
  2. Donald F. Fleming agus Janet M. Pope, eag. Henry I and the Anglo-Norman World: Studies in Memory of C. Warren. Woodbridge, Ríocht Aontaithe: Boydell Press, 2007, lch. 53, ISBN 1-84383-293-3
  3. 1 comluige, socrú, comhaontú, ar eDIL
  4. le brí taise2, ar teanglann FGB
  5. Flanagan, Marie Therese. Irish Royal Charters: Texts and Contexts. Nua-Eabhrac: Oxford University Press, 2005, lch. 148, ISBN 0-19-926707-3
  6. Moody, T.W., F.J. Byrne and F.X. Martin, eag. A New History of Ireland. Nua-Eabhrac: Oxford University Press, 1982, lch. 55, 59, ISBN 0-19-821744-7
  7. Dobbs, Margaret E. [eag. agus aistr.], "The Ban-shenchus [part 2]", Revue Celtique 48 (1931): 191: ("Mor ingen Ruaidri hUi Conchobair, mathair Muirchertag 7 Diarmata da mac Domnaill; 7 isi mathair da mac Diarmada (ob. 1118) hUi Briain I. Tairrdealbach 7 Tadc (ob. 1154)".).
  8. John O'Hart, "Irish Pedigrees or the Origin and Stem of the Irish Nation", Imleabhar 1, 1892, lch 157
Réamhtheachtaí
Muircheartach Ua Briain
Rí na Mumhan
1114–1118
Comharba
Conchobar Ua Briain agus Toirdelbach Mac Carthaig