Jump to content

Ruaidrí na Saide Buide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuaidrí na Saide Buide
Beathaisnéis
Breith11 haois
Bás1118 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachÓ Conchubhair Donn Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteToirdhealbhach Ua Conchobhair, Domhnall Ó Conchúir, Tadhg mac Ruairí Ó Conchúir, Dubhchobhlaigh Bean Ua hEaghra Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÁed in Gai Bernaig

Rí na gConnacht ba ea Ruairí na Saidhe Buí Ó Conchúir (Sean-Ghaeilge Ruaidrí na Saide[1] Buide Ua Conchobair) (bás 1118).

Bhí Connachta san 11ú haois ar chomh chríocha a bheag nó a mhór leis an gcúige mar atá inniu ann. Ba é an príomhdhifríocht ná go raibh cuid de ríocht Bhréifne fós i gcúige Uladh (Contae an Chabháin). Le roinnt céadta bliain, na bhall iad ríthe na gConnacht de chlann Uí Bhriúin, síolraithe ó Bhrión, leasdeartháir níos sine Néill Naoighiallaigh.

Éire san 11ú haois

Bhíodh ceangal ann idir ríthe na gConnacht Ard-Ríthe Uí Néill, mar chomhghuaillithe seachas géillsinigh. Thosaigh ré nua le bás Ardrí deiridh Uí Néill, Maol Seachnaill mac Domhnaill sa bhliain 1022. Ag déanamh aithris ar Bhrian Bóramha, bhíodh ríthe ruireacha éagsúla ag iarraidh an ard-ríogacht a éilimh. Sna 1070í, bhí Toirdhealbhach Ua Briain an rí is cumhachtaí in Éirinn, agus má bhí sé níos lú ná meas a mbolscairí, bhí tionchar ar leith aige thar na Connachta.

Faoin 11ú haois, bhí trí phríomhchlann Uí Bhriúin ann:

Muintir agus clann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bhall de chlann Uí Chonchúir ba ea Ruairí, de shliocht Chonchúir mhic Thaidhg Mhóir. Aodh an Gha Bhearnaigh ba ea a athair. Cé gur neamhghnách é go dtiocfadh mac go díreach i gcomharbacht ar athair, feictear gach sinsear athar Ruairí chomh fada siar is Conchúr féin (bás 882) ina rí Chonnacht. Cailleach Chaomhghin (Caillech Cáemgein) ba ea a mháthair, b'fhéidir de Chlann Uatach as Contae Ros Comáin.

Bhí Ruairí pósta le ceathrar ban ar a laghad, san áireamh Mór ní Thoirdhealbaigh Uí Bhriain, a fuair bás sa bhliain 1088.

I measc a mhac, bhí a leanas:

  • Niall, maraithe sa bhliain 1093
  • Tadhg, maraithe sa bhliain 1097, rí Chonnacht b'fhéidir
  • Conchúr, maraithe sa bhliain 1103
  • Domhnall, curtha isteach mar rí le cuidiú Mhuircheartaigh Uí Bhriain agus curtha as aige siúd sa bhliain 1106
  • Toirdhealbhach, mac Mhóire, a bheadh ina shár-rí in Éirinn na 12ú haoise.

Bhí ar a laghad beirt iníonacha aige:

 
 
Tadg in Eich Gil
 
 
Áed in Gai Bernaig
 
 
Tadg Dubhsúileach
 
Ruaidrí na Saide Buide
 
Cú Chonnacht Tadc
 
Murchad Liathnach
 
Cathal
 
Niall Odar
 
Niall
 
Tadc
 
Conchobar
 
Domnall
 
Mór Ua Conchobair
 
Dubhchobhlaigh
 
 
 
Tairrdelbach

Maraíodh athair Ruairí, Aodh an Gha Bhearnaigh, i mbun chatha sa bhliain 1067, ag tríd in éadan Aodha Uí Ruairc sa Bréifne. Ina thásc i nAnnála Uladh, glaoitear air airdrigh coicidh Conacht luam gaiscidh Leithi Cuinn.[4] Tháinig Aodh Ua Ruairc ina rí Chonnacht i ndiaidh an bhua sin.

Faoin mbliain 1076, nuair a fheictear Ruairí don chéad uair sna hannála, is amhlaidh raibh sé ina rí ruireach in ionad Uí Ruairc. I nAnnála Inis Faithlinn, tuairiscítear gur gabhadh é ag by Toirdhealbhach Ua Briain, rí na Mumhan, agus scaoilte saor é le fuascailt.

Sa bhliain 1079, is amhlaidh gur cuireadh é as a choróin ag Toirdhealbhach, agus tháinig Aodh Ó Ruairc ar ais. Sa bhliain chéanna, maraíodh Aodh Ó Flaithbheartaigh as Iar Connacht, céile comhraic Ruairí.

Sa bhliain 1087, agus Toirdhealbhach Ua Briain anois marbh, chloígh Ruairí, le tacú Chluain Mhic Nóis, Aodh Ua Ruairc agus ghabh sé arís ríogacht na gConnacht.

Sa bhliain 1088, thug Ruairí aitheantas do chéile comhraic Muircheartaigh Domhnall Ó Lochlainn mar Ardrí, agus rinne an bheirt ionradh ar an Mumhain. Chuireadar cathair Luimnigh trí thine, agus scriosadar cuid de shuíomh insealbhaithe Uí Bhriain ag Ceann Cora. Deirtear in Chronicon Scotorum gurbh ar éigean gur fágadh nó bó nó duine.[5]

Bhain Muircheartach díoltas amach sa bhliain 1089, agus leag sé crann beannaithe sa Ghaillimh, ach lasmuigh de sin níor éirigh leis an ruathar agus bhain Ruairí a chuid díoltais féin amach le hionsaí ar an Mumhain.

Ghéill Ruairí arís dá Lochlainn sa bhliain 1090, i dteannta le rí na Mí agus Ua Briain. Sa bhliain 1092, dalladh é ag a mac altrama féin, Flaithbheartach Ua Flaithbheartaigh, a ghabh ríogacht na gConnacht. Maraíodh Flaithbheartach mar dhíoltas sa bhliain 1098 ag muintir Ruairí. D'fhéadfadh é gur cuireadh a choróin é roimh a bhás. Chuaigh Ruaidrí mar oilithreach chuig an mainistir ag Cluain Mhic Nóis, agus fuair sé bás ann sa bhliain 1118.

  • Annals of Innisfallen, CELT: The Corpus of Electronic Texts, 2000, aisghafa 10 May 2008
  • Annals of Loch Cé A.D. 1014–1590, CELT: The Corpus of Electronic Texts, 2002, aisghafa 10 May 2008
  • Annals of Ulster AD 431–1201, CELT: The Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 10 February 2007
  • Chronicon Scotorum, CELT: The Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 25 October 2007
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Duffy, Seán, ed. (1997), Atlas of Irish History, Dublin: Gill and Macmillan, ISBN 0-7171-3093-2
  • Duffy, Seán (2004), "Ua Conchobair, Ruaidrí (d. 1118)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 6 March 2008
  • Flanagan, M. T. (2004), "Ua Lochlainn, Domnall (1048–1121)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 7 January 2008
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995), Early Medieval Ireland: 400–1200, The Longman History of Ireland, London: Longman, ISBN 0-582-01565-0
  1. Crann beithe
  2. Dobbs, Margaret E. [eag. agus aistr.], “The Ban-shenchus [part 2]”, Revue Celtique 48 (1931): 191: (“Mor ingen Ruaidri hUi Conchobair, mathair Muirchertag 7 Diarmata da mac Domnaill; 7 isi mathair da mac Diarmada (ob. 1118) hUi Briain I. Tairrdealbach 7 Tadc (ob. 1154)”.).
  3. ACM 1131.2
  4. AU 1067.4
  5. CS 1088, is inbhechtain nochar fhagsat boin no duine gan malairt


Réamhtheachtaí
Áed Ua Ruairc
Rí na gConnacht
1087–1092
Comharba
Flaithbertach Ua Flaithbertaigh

Teimpléad:Connachta