Lá Fhéile Bríde
Cineál | lá saoire traidisiúin Ceilteach saoire phoiblí | |||
---|---|---|---|---|
Lá | an chéad Luain i mí Feabhra 1 Feabhra | |||
Baint le limistéar údaráis | Éire, Albain agus an Bhreatain Bheag | |||
Ceiliúrtar Lá Fhéile Bríde agus an fhéile réamh-Chríostaí Imbolc[1] ar an chéad lá de mhí Feabhra.
Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach. Téann an fhéile Earraigh siar na mílte bliain agus is ceann de phríomhfhéile na nGael. Is léir ón meascán de thraidisiúin atá ceangailte leis an lá go mbaineann cuid acu leis an aimsir réamh-Chríostaí agus cuid eile leis an aimsir Chríostaí. Ach díríonn siad araon ar theacht an earraigh agus ar an bhfás úrnua sa dúlra.[2]
Miotaseolaíocht na gCeilteach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd nó Brigit. Bhí bandia tábhachtach ag na Ceiltigh fadó darbh ainm Brigantia (An Té Ceannasach). Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht, breith clainne agus bainne ag baint léi freisin. Is dócha gur in ómós don bhandia sin a bhíodh Imbolg á cheiliúradh.
Féile an bhleachtanais, féile thús an earraigh agus féile an dóchais atá ann.[5] Thugtaí aitheantas don bheatha nua i lusanna agus sna ainmhithe agus a braitheadh i ngach neach beo. Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh.[6]
Imbolc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl na saineolaithe cinnte faoi bhunús na féile seo ná faoin ainm Imbolc (ach b'fhéidir go bhfuil baint aige le focal ársa a chiallaíonn ‘bainne’).[7]
Críostaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne na Críostaithe naomh de Brigantia, Naomh Bríd nó Brighid agus choinnigh an naomh sin a lán de na tréithe a bhí aici mar bhandia roimhe sin. Tugtar Lá Fhéile Bríde ar an fhéile s’aici atá ar an chéad lá de Mhí Feabhra – Féile Imbolg na SeanCheilteach.
Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo inniu.[8] Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann. Ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin.
Nósanna[9]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oíche Bhríde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann na paistí thart ó theach go teach, ag casadh ceoil & faigheann siad airgead ó fhear an tí,[10]agus bíonn na cailíní ag imeacht le Brídeog in onóir do Bhríd.[11][12],[13][14]
Lá fhéile Bríde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Cros Bhrídenó crosóg Bhríde.[15] Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í.[16]
Lá saoire bainc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtálann lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd ar an gcéad Luan de mhí Feabhra (ó 2023 ar aghaidh). Is é an t-aon lá saoire bainc amháin atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean, agus seans ann ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh.[17]
Rannta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd.
Rann:[18]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó lá le Bríde amach
bíonn na héin ag déanamh nead,
bíonn na caoire ag breith na n-uan,
is an lá ag dul i bhfad.
Lá saoire poiblí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 2023 ar aghaidh, is lá saoire poiblí é Lá Fhéile Bríde in Éirinn, ar an Luan is gaire don fhéile.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Naomh Bríd
- Cros Bhríde
- An tEarrach
- Féile na Bealtaine, Lá Lúnasa agus Oíche Shamhna
- Brigit (bandia págánach)
- Bríd na Briotáine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Imbolc i mBéarla
- ↑ fionnuala (2023-01-27). "Lá Fhéile Bríde - fáilte roimh an earrach!" (en-US). PEIG. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ "Brigitte du Ménez Hom" (as fr) (2021-02-01). Wikipédia.
- ↑ "Déesse du Menez-Hom" (fr). www.collections.musee-bretagne.fr. Dáta rochtana: 2021-02-02.
- ↑ Balor (Feabhra 2013). "An tSúil Nimhe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ Laoise Ní Chléirigh (Márta 2011). "Idir Imbolc agus Bealtaine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
- ↑ Máire Ní Fhinneadha (2018). "Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ Conchúr Mag Eacháin. "Ó Cheann Ceann na Bliana: Nósanna an Fhéilire in Éirinn" (ga-IE). An Ceathrú Póilí, ISBN 9781784442408. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-01. Dáta rochtana: 2023-02-01.
- ↑ Brighid Ní Choinceanainn, Ceathrú an Teampaill, Inis Meáin (2020). "Ó DHÚCHAS: Seanchas na Féile Bríde as Inis Meáin, Maigh Eo agus Ciarraí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ procession from door to door with St Bridget doll
- ↑ "Oíche Bhríde" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2023-02-01). "Traidisiún ársa na Brídeoige beo fós i gCill Ghobnait" (as ga-IE).
- ↑ "Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2019-01-31.
- ↑ forasnagaeilge.ie. "Conas cros a dhéanamh (pptx do leanaí)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017). "Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (4 Feabhra 2023). "Nuacht Mhall (podcast) (An Clár)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-02-06.
- ↑ "Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | Bailiúchán na Scol" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.