Gormflaith ingen Murchada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGormflaith ingen Murchada
Beathaisnéis
Breithc. 960
An Nás Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1030
69/70 bliana d'aois
Tréimhse amaGlúin an 10ú aois agus glúin an 11ú aois
Eile
Teideal uasalBanríon Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMáel Sechnaill mac Domnaill
Brian Bóramha
Amlaíb Cuarán Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchad mac Briain
 ( Brian Bóramha)
Sitric II
 ( Amlaíb Cuarán) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchadh mac Fionn
SiblínMáel Mórda mac Murchada

Banríon Éireannach ba ea Gormlaith ní Mhurchadha (960–1030), (Meán-Ghaeilge Gormflaith ingen Murchada).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gormlaith i Nás na Ríq, Contae Chill Dara. Murchadh mac Fionn, rí Laighean, ba ea a athair agus Maol Mórdha a deartháir. Dar leis na hannála, phós sí le hAmhlaoibh Cuaráin, rí Lochlannach Átha Cliath agus Eabhraic go dtí a bháis sa bhliain 981;[1] agus bhí mac acu, rí Sictric Silkbeard.[2] Tar éis do Shictric do cloíodh ag Cath Ghleann Máma sa bhliain 999, phós Gormlaith le Brian Bóramha, rí Mumhan agus Ardrí na hÉireann. Bhí a mac, Donnchadh, níos deireanaí ina rí Mumhan. Maítear fosta gur phós sí le Maol Seachnaill mac Domhnaill tar éis bhás Amhlaoibh, ach is beag iontaofa iad na foinsí ina bhfeictear an pósadh seo.

Tá míchlú mór ar Ghormlaith as an maíomh gur chothaigh sí Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Ní dócha gur tharla an eachtra seo, and, óir nár scríobhadh na foinsí ina fhaightear é le linn a saoil féin.[3]

Tá taifead a bás le feiceál sna hannála faoin mbliain 1030 (féach thíos).

Tagairtí sna hannála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear an chéad tagairt annál maidir le Gormlaith i nAnnála Inis Faithlinn as an Mumhain, cumtha dhá bhliain is seasca tar éis a báis:[4][5]

Ingen Murcha[da] m. Find, rigan Muman, moritur.

In ord croineolaíoch, is iad Annála Tiarnaigh as lár na tíre an chéad taifead eile agus tagairt iontu ar Ghormlaith:[6]

Gormlaith ingen Murchadha meic Floind, máthair Sitriuca meic Amlaim, rig Gall, & Dondchada meic Briain, rig Muman, mortua est.

Feictear Gormlaith i nginealaigh áirithe scríofa níos mó ná céad bliain i ndiaidh a báis. Sa Bhanseanchas, a catalóg de mhná cáiliúla Éireann,[7] tá ann a fir chéile Amhlaoibh Cuaráin agus Brian Bóramha, agus a mic Sictric agus Donnchadh.

Feictear Gormlaith fosta sa Leabhar Laighneach de chuid na 12ú haoise. Tá le feiceáil ann an rann mór le rá maidir le "trí léim Gormlatha":[8]

Trí lemend ra ling Gormlaith
ni lingfea ben co bráth.
léim i n-Ath Cliath. leim i Temraig
leim i Cassel carnmaig ós chach

Molann roinnt scoláirí gur fianaise é seo lena trí phósfadh le Amhlaoibh Cuaran, Maol Seachnaill agus Brian Bóramha, ag teacht salach ar na hannála. Pléitear ach go háirithe bailíocht an phósta le Maol Seachnaill agus a colscaradh más fíor ó Bhrian Bóramha. Deir roinnt scoláirí gur páistí iad na "léimeanna", ní póstaí.[9]

An mheánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-cháil ar Ghormlaith as ucht an chuir síos in Cogad Gáedel re Gallaib,[10] bolscaireacht cumtha idir na blianta 1103 agus 1111 ar ord Mhuircheartaigh Uí Bhriain.[11] Insítear sa scéal gur thit a deartháir, Maol Mordha, faoi smacht Bhriain Bóramha, agus gur chothaigh Gormlaith é, gan rath, dul chun cogaidh in éadan Bhriain Brian.[12]

Sa seanscéal Íoslannach den 13ú haois Saga Njál,[13] déantar trácht uirthi faoin ainm Kormloð, agus léirithe mar bhean cholscartha éadmhar, i bhfách le díoltas ar a hiarfhear céile, Brian Bóramha.[14] Insítear sa sága seo conas mar a chothaíonn sí a mac, Sictric, chun tacú a fháil ó Lochlannaigh thar lear, go háirithe Sigurd as Inse Orc agus Brodir as Oileán Mhanann, ag geallúint ceiliúr pósta a chur orthu. Is é seo an chéad fhoinse a mhaíonn gur go raibh Gormlaith agus Brian Bóramha scartha as a gcéile.

Téacsanna nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina shaothar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn scríofa as Gaeilge Chlasaiceach sa bhliain 1634, déantar nasc makes explicit idir chothú Ghormlatha agus an fógairt cogaidh a rinne Maol Mórdha.[15] Pléitear fosta cén fáth a rinne Céitinn an nasc úd. Dar leis an scoláire Meidhbhín Ní Úrdail, bhí Céitinn faoi thionchar Chronicle of Ireland le Meredith Hamner, foilsithe sa bhliain 1633, ina deirtear go raibh "bean chéile ceannaí” gan ainm ina cúis an chatha ag Cluain Tarbh.[16]

Bhí tionchar ag saothar Chéitinne ar théacs eile den tréimhse úd, Cath Cluana Tarbh. Níl fheictear Gormlaith ach i leagan ansin den scéal seo, ach tagann an léiriú as Foras Feasa.[17]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ancestral Roots of Certain American Colonists Who Came to America Before 1700, le Frederick Lewis Weis

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ni Mhaonaigh, Maire (2002). "Tales of Three Gormlaith's in Medieval Irish Literature". Ériu 52. 
  2. Forte, Angelo (2005). "Viking empires". Cambridge: Cambridge University Press. 
  3. Wade, Christina (2012). "Contextualizing Gormlaith: Portrayals and Perceptions of a Medieval Irish Queen". Ath Cliath: Unpublished MPhil Dissertation. 
  4. Mac Airt, Sean (1951). "The Annals of Inisfallen". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  5. Annála Inis Faithlinn, AI 1030.4
  6. Annála Tiarnaigh, AT 1030.15
  7. Connon, Anne (2000). "The Banshenchas and the Ui Neill queens of Tara". Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History, and Literature in Honour of Francis J. Byrne. 
  8. "Book of Leinster Vol. 6" (1988): 1492–1493, Do Síl Daimini. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. ,
  9. Ní Dhonnchadha, Maire (2002). "Gormlaith and Her Sisters c. 750-1400". Field Day Anthology of Irish Writing 4: Irish Women's Writing and Traditions. 
  10. "Cogadh Gaedhel Re Gallaibh" (1867). Londain: Longmans, Green, Reader, and Dyer. 
  11. Ní Mhaonaigh, Máire (2007). "Brian Boru: Ireland's Greatest King?": 45–46. Stroud: Tempus. 
  12. Todd, Cogadh Gaedhel Re Gallaibh, lch. 143.
  13. Cook, Robert (2001). "Njal's Saga". Londain: Penguin. 
  14. Cook, Njál's Saga, lch. 296
  15. Keating, Geoffrey (1902). "Forsa Feasa ar Eirinn le Seathrun Ceitinn". Londain: Irish Texts Society. 
  16. Ní Úrdail, Meidhbhin (2011). "Cath Cluana Tarbh: 'The Battle of Clontarf'". Londain: Irish Texts Society. 
  17. Ní Úrdail. ""Introduction" of Cath Cluana Tarbh".