Murchad mac Finn
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 haois |
Bás | 972 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
966 – 972 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Fhaoláin |
Páiste | Máel Mórda mac Murchada, Gormflaith ingen Murchada |
Duine muinteartha | Braon mac Maoilmhórdha (deartháir tuismitheora) |
Rí na Laigean ba ea Murchadh mac Fionn (bás 972). Bhí sé i réim ón mbliain 966 go dtí 972.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhall é Murchadh de chlann Uí Fhaoláin, ar cheann de thrí chlann Uí Dhúnlainge, a dáiltí coróin Laighean eatarthu. Bróen mac Máelmórda (bás 947), iar-rí, ba ea a sheanathair, agus Muireacán mac Diarmada (bás 863) a shin-sin-seanathair. Tagann Murchadh mar sin sa séú glúin ó Fhaolán mac Murchadha (bás 738), sinsear eapainmneach na clainne.
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis bás a dhearthár, an rídhamhna Maol Mórda, sa bhliain 966,[1] rinneadh rí Laigean de Mhurchadh an bhliain chéanna, tar éis bhás Ceallaigh mhic Fhaoláin de chlann Uí Dhúnchada.[2] Mharaigh é go fealltach sa bhliain 972 ag nia a réamhtheachtaí, Domhnall Claon mac Lorcáin.[3] Tháinig Augaire mac Tuathail de chlann Uí Muireadhaigh (bás 978), i gcomharbacht air.
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc a chlainne, bhí a leanas:
- Maolmhórdha, rí ón mbliain 1003, bás1014
- Gormfhlaith, bás 1030
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Francis John Byrne Irish Kings and High Kings: "Kings of Leinster": Genealogical Tables, lch. 290, Baile Átha Cliath, athchló (2004) ISBN 1851825525.
- Theodore William Moody, Francis John Byrne Francis X. Martin A New History of Ireland", Tome IX; Maps Genealogies, Lists. Oxford University Press ISBN 0198217455, lch. 201.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 966.7
- ↑ Annála Uladh, AU 966.1
- ↑ AU 972.2
Réamhtheachtaí Cellach mac Fáeláin |
rí Laighean 966-972 |
Comharba Augaire mac Tuathail |