Bróen mac Máelmórda
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 947 (Féilire Ghréagóra) |
| Ríthe na Laighean | |
| 943 – 947 | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Uí Fhaoláin |
| Duine muinteartha | Muireacán mac Diarmada (seanathair) Murchadh mac Fionn (nia) |
Rí na Laigean de chlann Uí Fhaoláin ba ea Bran Mac Maoilmhórdha (Sean-Ghaeilge: Bróen mac Máel Mórda) (bás 947). Bhíodh dún ríoga na clainne suite ag an Nás, Oirthir Life.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maol Mhórdha (bás 917), rí Oirthir Life, ba ea a athair, agus Muirecán mac Diarmata, iar-rí Laighean, a sheanathair. Bhí beirt dá uncail, Domhnall agus Cearbhall mac Muireacáin ina ríthe Laighean fosta. Bhí sé i réim ón mbliain 943 go dtí 947.[1]
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Braon i gcomharbacht ár Lorcán Ó Faoláin mar rí Laigean sa bhliain 943. Rinne sé comhaontas leis an Ardrí, Congalach Cnogba sa bhliain 944 agus rinne siad slógadh caithréimeach in éadan na Lochlannach as Átha Cliath.[2][3] D'éag sé le linn ruathar ar na hOsraí sa bhliain 947.[4] Tháinig Tuathal mac Augaire in gcomharbacht air.[5]
Comharbacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Bran bás gan comharba dá chlann féin. D'éirigh mac a dhearthár, Murchadh mac Fionn, ina rí ansin.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Leabhar Laighneach, Rig Laigin agus Rig Hua Cendselaig
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- T.W. Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne, A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History, part II, Oxford University Press, 2011.
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Four Courts, Baile Átha Cliath, ISBN 978-1-85182-196-9
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Réamhtheachtaí Lorcán mac Fáeláin |
Rí na Laigean 943-947 |
Comharba Túathal mac Úgaire |