Muireacán mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticMuireacán mac Diarmada

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireacán mac Diarmada (Sean-Ghaeilge Muirecán mac Diarmata) Uí Fhaoláin (bás 863). Diarmaid mac Ruairí (bás 832), rí Oirthear Life, ba ea a athair. Muireadach mac Ruairí (bás 829) ba ea a uncail, agus Ruairí mac Faoláin (bás 785) a sheanathair, iar-ríthe Laigean beirt.[1]

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Sna ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, feictear é i ndeireadh dhá rí a fuair bás ina dhiaidhse (869 agus 885), agus fuair an chéad rí eile sa liosta, Tuathal mac Maoilbhríde, bás sa bhliain 854. Fuair iar-rí eile, Ruarc mac Brain, bás sa bhliain 862. Tugtar réimeas aon bhliain amháin dó, 862 - 863, dá mba fhíor.[2] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Insítear ina thásc sna hannála don bhliain 863 gur mharaigh Lochlannaigh é. Ní thugtar ann ach an teideal rí an Náis agus Oirthear Life.[4]

Rinneadh ríthe Laigean fosta dá mhic, Domhnall (bás 884) agus Cearbhall (bás 904). Bhí a mhac Máel Mórda (bás 917) ina rí Oirthear Life.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Leabhar Laighneach, Rig Lagen
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 863.3