Ruarc mac Brain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuarc mac Brain
Beathaisnéis
Bás862
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBran mac Faoláin

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Ruarc mac Brain (bás 862). An ceathrú rí ba ea é as deichniúr dá chlann féin, Uí Dhúnchadha, bunaithe ar Chnoc Liamhna, Áth Cloch, Contae Chill Dara. Bran mac Faoláin ba ea a athair. Duine de bheirt mhac Brain a rinneadh rí na Laigean de.

Is doiléir í comharbacht ríthe na Laighean sa tréimhse úd. Dar leis na ríliostaí, tháinig Ruarc i gcomharbacht ar a athair, agus Lorcán mac Ceallaigh, Tuathal mac Maoilbhríde agus Muireacán mac Diarmada ar a seal i gcomharbacht airsean.

Sa bhliain 843, insítear i nAnnála Uladh gur mharaigh go fealltach Artacán mac Domnaill ag Ruarc mac Brain, ach ní thugtar aitheantas ar bith eile. Mar an gcéanna sa bhliain 846, ní thugtar teideal dó nuair a throid sé i dteannta le Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí in éadan Tiarnaigh mhic Fhógartaigh, a chloígh iad. Ina thásc i nAnnála Uladh don bhliain 862, tugtar dó ach an teideal "rí Uí Dhúnlainge". Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur mharaigh Uí Néill é.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]