Lorcán mac Ceallaigh
Beathaisnéis | |
---|---|
Floruit | 9 haois |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Mhuireadhaigh |
Athair | Ceallach mac Brain |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Lorcán mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Lorcán mac Cellaig) (fl. 848). Cellach mac Brain Uí Mhuireadaigh (bás 834), iar-rí, ba ea a athair.[1]
Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Sa Leabhar Laighneach, tagann Lorcán i gcomharbacht ar Ruarc mac Brain (bás 862) Uí Dhúnchada agus Tuathal mac Maoilbhríde (bás 854) i gcomharbacht airsean. Dar leis na liostaí ann, bhí réimeas 9 mbliana ag Ruarc (c. 838-847) agus trí bliana ag Túathal (c. 851-854). Dá mba fhíor, bheadh Lorcán i réim c. 847-851.[2] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]
Sa bhliain 848, bhí Lorcán i gceannas comhaontais le hÓlchúr mac Cinnéide (bás 851), rí Mumhan, nuair a bhuaigh siad in éadan na Lochlannach ag Cath Sciath Nechtain gar do Dhíseart Diarmada, Contae Chill Dara, cath inar thit an jarl Tomrair.[4] Bhí athair Lorcáin féin i gcomhaontas le Feilimí mac Criomhthainn (bás 847), iar-rí na Mumhan.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, G100001A
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha y: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 9
- ↑ Leabhar Laighneach, Rig Lagen
- ↑ Byrne, lch. 163
- ↑ Annála Uladh, AU 848.5