Ceallach mac Brain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cellach mac Brain)
Infotaula de personaCeallach mac Brain
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás834
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLorcán mac Ceallaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBran Ardcheann
SiblínMuireadach mac Brain Ardchinn

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Ceallach mac Brain (Sean-Ghaeilge Cellach mac Brain) (bás 834). Bran Ardcheann mac Muireadaigh (bás 795), iar-rí, ba ea a athair, agus Muireadach (bás 818) a dheartháir.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 829 go dtí 834.

Bhí deartháir Cheallaigh, Muireadach, ina 'leath-rí' le Muireadach mac Ruairí (bás 829) Uí Fhaoláin ó 808 go 818. Sa bhliain 814, bhuaigh Muireadach agus Ceallach in éadan Uí Chinnsealaigh.[2] Tarra bhás Muireadach mac Brain, d'éirigh Muireadach mac Ruairí ina rí aonair go dtí a bhás, nuair a tháinig Ceallach i gcomharbacht air.

I mí Lúnasa 833, rinne Ceallach ruathair ar phobal Chill Dara, agus mharaigh sé go leor acu.[3] Is amhlaidh go raibh ina namhaid Chill Dara i dtacaíocht le Feilimí mac Criomhthainn (bás 847) na Mumhan de chúiseanna polaitiúla nó eaglasta.[4] Sa bhliain 831, chuaigh na Laigin in éineacht le Feilimí ar feachtas chun creach a dhéanamh i ríocht Bhreá. Rinne an tArdrí Conchúr mac Donnchadha (bás 833) de Chlann Cholmáin creach ar an Life mar dhíoltas.[5]

Rinneadh rí Laigean dá mhac, Lorcán (fl. 848), ach de shliocht a dhearthár iad ríthe níos deireanaí Uí Mhuireadaigh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 814.8
  3. AU 833.6
  4. Byrne, lch. 223
  5. AU 831.9, 831.10