Jump to content

Muireadhach mac Brain Ardchinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuireadhach mac Brain Ardchinn
Ainm sa teanga dhúchais(sga) Muiredach mac Brain Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás818
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDúnlaing mac Muireadaigh, Túathal mac Máele-Brigte Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBran Ardcheann
SiblínCeallach mac Brain
Féach freisin rí Laighean Muireadhach mac Brain (bás 885)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireadhach mac Brain (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Brain) (bás 818) Bran Ardchenn mac Muireadhaigh (bás 795), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 805 go dtí 806, agus arís ó 808 go 818, mar chomhrí le Muireadhach mac Ruairí (bás 829) Uí Fhaoláin

Ní fheictear Muireadhach i ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, ach luaitear é sna hannála Éireann.[2] Tugtar an teideal 'leath-ri' dó ina thásc i nAnnála Uladh.[3]

Sa bhliain 795, maraíodh go fealltach a athair ag a chomharba, Fíonsneachta Ceathairdheach (bás 808). Sa bhliain 805, chuir an tArdrí, Aodh Oirdní (bás 819) de Chineál Eoghain, an ruaig ar Fhíonsneachta, agus chuir sé an bheirt Mhuireadhach i gcoróin mar leath-ríthe.[4] Chuaigh Fíonsneachta ag lorg tearmainn chuig Muirgius mac Tommaltaig (bás 815), rí na gConnacht, a thug cuidiú dó a choróin a fháil ar ais sa bhliain 806.[5]

Tar éis bhás Fhíonsneachta, tháinig an bheirt Mhuireadhach ar ais i réim. Sa bhliain 814, tá taifead sna hannála ar cath idir Uí Chinnsealaigh agus mic Bhrain,[6] is dócha Muireadach agus a dheartháir Ceallach (bás 834), a bhuaigh.[7] D'éirigh Muireadhach mac Ruadhrach ina rí aonair i ndiaidh bhás Mhuireadhaigh mhic Bhrain.

I measc mhic Muireadhaigh, bhí; Tuathal (bás 854) agus Dúnlaing (bás 869) ríthe Laigean beirt; agus Artúr (bás 847), rí Iarthair Life.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Byrne, Tábla 9
  2. Leabhar Laighneach, Rig Lagen
  3. Annála Uladh, AU 818.1
  4. AU 805.7
  5. AU 806.4
  6. AU 814.8
  7. Byrne, lch. 161