Dúnlaing mac Muireadhaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dúnlaing mac Muiredaig)
Infotaula de personaDúnlaing mac Muireadhaigh
Beathaisnéis
Bás869
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAilill mac Dúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuireadach mac Brain Ardchinn
SiblínTúathal mac Máele-Brigte

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Dúnlaing mac Muireadhaigh (Sean-Ghaeilge Dúnlaing mac Muiredaig (bás 869). Muireadhach mac Brain Ardchinn (bás 818), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 863 go dtí 869.

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Idir na blianta 838-871, ní fheictear an teideal rí Laigean i nAnnála Uladh. Níl tásc Dhúnlainge le fáil sna hannála úd, cé go bhfaightear é i n-annála eile.[2] Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Sa bhliain 868, deirtear sna hannála go raibh na Laigin ar an bhfód i dteannta le hUí Néill Bhreá agus Lochlannaigh ag Cath Cell Ua nDaigri ar inbhear na Bóinne. Chloígh an tArdrí Aodh Fionnliath (bás 879) iad uile.[4] Ní luaitear ámh Dúnlaing féin maidir leis an eachtra seo.

Rí Laigean ba ea mac leis, Ailill (bás 871). Rí Iarthair Life ba ea mac eile Cairbre (bás 884).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Chronicum Scotorum, CS 869
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 868.4