Ailill mac Dúnlainge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Ailill mac Dúnlainge Uí Mhuireadaigh (831-871). Dúnlaing mac Muiredaig (bás 869), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 869 go dtí 871.

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Is é Ailill an chéad rí in mbliain 838 a dtugtar an teideal rí Laigean dó ina thásc i nAnnála Uladh. Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Sa bhliain 870, rinne an tArdrí Aodh Fionnliath (bás 879) ionradh ar na Laigin agus ghabh sé forlámhas ar an tír ó Áth Cliath go Gabhrán.[4] Idir an dá linn, a chomhghuaillí, Cearbhall mac Dúnlainge (bás 888), rí Osraí, ionradh ar na Laigin ón iarthar. Shroich sé Dún Bolg áit a rinne na Laigin ionsaí air. Bhí an lámh in uachtar acu ar dtús, ach cuireadh an ruaig orthu i bhfrithionsaí.

Tá cur síos fada ar na himeachtaí seo le fáil i nAnnála Easpacha na hÉireann. Ní luaitear Ailill féin ann, deirtear ina ionad sin go raibh Muireadach mac Brain ina rí Laigean. Insítear fosta gur bhuail Cearbhall an Ardrí ag Bealach Ghabhráin ach gur chúlaigh sin ansin agus nár gabhadh gialla Laighneacha.[5]

Sa bhliain 871, maraíodh Ailill ag Lochlannaigh as Ath Cliath.[6] Rinneadh rí Laigean fosta dá mac son, Augaire (bás 917).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Ó Corráin, lch. 187
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 870.2
  5. Annála Easpacha na hÉireann, FA 387
  6. AU 871.4