Túathal mac Úgaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTúathal mac Úgaire
Beathaisnéis
Bás958 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachUí Mhuireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDúnlaing mac Tuathail, Augaire mac Tuathail Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAughaire mac Ailealla

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dúnlainge ba ea Tuathal mac Augaire (Sean-Ghaeilge Túathal mac Úgaire) (bás 958). Ba bhall de chlann Uí Mhuireadhaigh é. Augaire mac Ailealla ba ea a athair, agus Ailill mac Dúnlainge a sheanathair, iar-ríthe beirt. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 947 go dtí 958.[1]

Feictear Tuathal don chéad uair sna hannála Éireann nuair a insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann go ndearnadh rí Uí Mhuireadhaigh de sa bhliain 908.[2] An bhliain roimhe sin, bhí a athair éirithe ina rí Laigean. Sa bhliain 935, mharaigh sé Bruadar mac Duibhghilla, rí Uí Chinnsealaigh.[3] Sa bhliain 948, tháinig sé i gcomharbacht ar Bhran mac Maoil Mhórdha Uí Fhaoláin mar rí Laigean. Sa bhliain 950, bhuaigh sé in éadan na Laoise agus Ui Fhairchealláin.[4] Tuairiscítear a bhás in Chronicon Scotorum agus i nAnnála Inis Faithlinn sa bhliain 958.[5] Tháinig Ceallach mac Faoláin Uí Dhúnchadha i gcomharbacht air.[6]

Bhí beirt mhac ag Lorcán, a rinneadh níos déanaí ríthe Laighean díobh, Augaire agus Dúnlaing.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • T.W Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne (2011), Oxford University Press (ed.), A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists, Oxford, pp. 134 & 200 Kings of Leinster to 1171, ISBN 978-0-19-959306-4{{citation}}: CS1 maint: location missing publisher (link) CS1 maint: uses authors parameter (link)
  • Byrne, Francis John (2001), Four Courts Press (ed.), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath, ISBN 978-1-85182-196-9{{citation}}: CS1 maint: location missing publisher (link)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, lch. 289, Tábla 9.
  2. Annála Easpacha na hÉireann, AE 908
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 935
  4. ACM 950
  5. CS 958 & AI 958
  6. Moody, et ál., A New History of Ireland ll. 134 & 200