Úgaire mac Túathail
Appearance
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 978 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
972 – 978 ← Murchadh mac Fionn – Domhnall Claon mac Lorcáin → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Mhuireadhaigh |
Athair | Tuathal mac Augaire |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Aughaire mac Tuathail (Sean-Ghaeilge Úgaire mac Túathail). Ina bhall de chlann Uí Mhuireadhaigh é.[1]. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 972 à 978.
Tuathal mac Augaire ba ea a athair, agus Augaire mac Ailealla, iar-rí Laighean, a sheanathair. Tháinig Augaire i gcomharbacht ar Murchad mac Finn Uí Fhaoláin mar rí Laighean sa bhliain 972. Insítear sa Chronicon Scotorum gur maraíodh é sa bhliain 978 ag na Gall-Ghaeil as Áth Cliath ag Cath Bhiothlainne (Biothlann, Contae Chill Dara), agus gur thit ina theannta Muireadhach mac Rian, rí Uí Chinnsealaigh agus Congalach mac Flann, rí Lege.[2] Rinneadh ansin rí Laighean de Domhnall Claon mac Lorcáin Uí Dhúnchadha.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, lch. 289, Tábla 9
- ↑ Chronicon Scotorum, CS 978
- ↑ Moody, et al., A New History of Ireland, ll. 134 & 200.