Domhnall Claon mac Lorcáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 haois |
Bás | 984 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
978 – 984 ← Augaire mac Tuathail – Donnchad mac Domnaill Cláin → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnchadha |
Páiste | Donnchad mac Domnaill Cláin |
Athair | Lorcán mac Faoláin |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Domhnall Claon mac Lorcáin (Sean-Ghaeilge Domnall Cláen mac Lorcáin (bás 984). Lorcán mac Faoláin ba ea a athair.
Feictear Domhnall ar suas sna hannála Éireann sa bhliain 972, nuair a mharaigh sé rí Laigean, Murchad mac Finn Uí Fhaoláin, go fealltach dar le hAnnála Uladh.[1][2][3][4]
D'éirigh Domhnall ina rí tar éis bhás Aughaire mhic Thuathail Uí Mhuireadhaigh sa bhliain 978 ag Cath Bhiothlainne, Contae Chill Dara, ag tríd in éadan na n Gael-Ghall as Áth Cliath. Sa bhliain 979, gabhadh Domhnall ar chúis éigin anaithnid ag na hÁth Cliathaigh. Molann Hudson gurbh fhíoch bunaidh a bhí i gceist, óir gur mhac chéile Murchadha, an té a mharaigh Domhnall, é rí Átha Cliath, Amlaíb Cuarán.[5][6] Ligeadh saor é sa bhliain 980 tar éis chliseadh na nÁth Cliathach ag an Ardrí, Maol Seachnaill mac Domhnaill.[7][8][9]
Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Domhnall i gcomhaontas le hÍomhar Phort Láirge i gcoinne Mhaoil Seachnaill agus rí nua Atá Cliath, leasdeartháir Mhaoil Seachnaill, Glúniairn. Cloíodh go dona Domhnall agus Íomhar agus scrios Maol Seachnaill na Laigin.[10][11][12]
An bhliain dár gcionn, 984, maraíodh Domhnall ag fir Uí Chinnsealaigh as na Laigin Theas. Insítear i nAnnála Tiarnaigh gurbh é Áed mac Echtigern a bhí ciontach. Tháinig Donnchadh mac Domhnaill, i gcomharbacht ar a athair mar rí na Laigean.[13][14][15] Anbhás a fuair Aodh, dúnmharfóir Dhomhnaill, maraithe féin ag céile comhraic, Donnchadh Maol na mBó, laistigh den eaglais ag Fearna.[16]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Annals of Ulster AD 431–1201, CELT: Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 2009-01-02
- The Annals of Tigernach, CELT: Corpus of Electronic Texts, 1996, aisghafa 2009-01-02
- Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8, OCLC 714871
- Downham, Clare (2007), Viking Kings of Britain and Ireland: The Dynasty of Ívarr to A.D. 1014, Edinburgh: Dunedin, ISBN 978-1-903765-89-0, OCLC 163618313
- Hudson, Benjamin T.; Harrison, B. (2004), "Óláf Sihtricson (c.926–981)", Oxford Dictionary of National Biography, doi:10.1093/ref:odnb/25544, aisghafa 2007-10-25
- Stokes, Whitley, ed. (1895–1897), "The Annals of Tigernach", Revue Celtique, Paris: Librairie Émile Bouillon, 16–18, OCLC 35299561
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Irish Kings, ll. 150–151 & 289, tábla 9
- ↑ Downham, Viking Kings, lch. 51
- ↑ Annála Uladh, AU 972.2, 978.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 978.2.
- ↑ Hudson, "Óláf Sihtricson"; Downham, Viking Kings, lch. 51
- ↑ AT 979.2.
- ↑ Downham, Viking Kings, pp. 51–52
- ↑ AU 980.1
- ↑ AT 980.3, 980.4.
- ↑ Downham, Viking Kings, ll. 56, 252, 260
- ↑ AU 983.2
- ↑ AT 983.1 & 983.3.
- ↑ Byrne, Irish Kings, lch. 289, tábla 9
- ↑ AU 984.3
- ↑ AT 984.1.
- ↑ AT 1003.4.