Donnchad mac Domnaill Cláin
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 11 haois |
| Ríthe na Laighean | |
| 984 – 1003 ← Domhnall Claon mac Lorcáin – Máel Mórda mac Murchada → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Teaghlach | Uí Dhúnchadha |
| Athair | Domhnall Claon mac Lorcáin |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Donnchadh mac Domhnaill Chlaoin (Sean-Ghaeilge: Donnchad mac Domnaill Cláin). Ba bhall de chlann Uí Dhúnchadha é.[1]. Domhnall Claon mac Lorcáin ba ea a athair.
Tháinig Donnchadh i gcoróin tar éis bhás a athar, maraithe ag fir Uí Chinnsealaigh.[2] Sa bhliain 996, fuair Diarmait mac Domnaill, rí Uí Chinnsealaigh, bás.[3] Sa bhliain 999, gabhadh Donnchadh ag Sigtryggr Silkiskegg, rí na Lochlannach as Áth Cliath, agus a chéile comhraic, Maol Mórdha mac Murchadha de chlann Uí Fhaoláin.[4] Chuir Maol Mórdha an ruaig ar Dhonnchadh sa bhliain 1003 agus tháinig i gcoróin ina ionad. Rí deireanach Uí Dhúnchadha a bhí ina rí Laigean ba ea Donnchadh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".