Donnchadh mac Briain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Donnchad mac Briain)
Infotaula de personaDonnchadh mac Briain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1064 (Féilire Ghréagóra)

An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSanto Stefano Rotondo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
1040 – 1064
Rí na Mumhan
1014 – 1064 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Bhriain Cuir in eagar ar Wikidata
CéileCacht ingen Ragnaill Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDearbforgail (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBrian Bóramha  agus Gormflaith ingen Murchada
SiblínTadhg mac Briain agus Sitric II
Duine muintearthaBrian mac Murchadha Ó Briain (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na Mumhan ba ea Donnchadh mac Briain (Meán-Ghaeilge Donnchad mac Briain) (bás 1064). Brian Bóramha agus Gormlaith ní Mhurchadha ba ea a thuistí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríochtaí Gaelacha agus agus longfoirt Lochlannaigh in Éirinn, c. 1014 AD

Ó aimsir Néill Naoighiallaigh sa 4ú haois AD, bhí a mhuintir Uí Néill i gceannas ar ard-ríogacht na hÉireann, seachas ach b'fhéidir Cathal mac Finghín (bás 742) agus Feilimí mac Criomhthainn (bás 846) na Mumhan. Sa Mhumhain féin, ag an am gcéanna, bhí forlámhas ag na hEoghanachta ann.

Bhris Brian Bóramha den Dál gCais an nós seo le teacht tús na 11ú haoise. Ar a chonlán féin, agus le tacaíocht na longfortLochlannaigh amhail is Luimneach agus Corcaigh, ghabh sé an Mhumhain faoina smacht. Agus Uí Néill easaontaithe, chuir Brian iachall ar an Ardrí, Maol Seachnaill mac Domhnaill, é a aithint mar chomhrí, agus ansin mar Ardrí aonair.

D'éag Brian agCath Chluain Tarbh ar Aoine an Chéasta 23ú Aibhreán 1014, ag troid le fírinne in éadan rí na Laigean agus a chomhghuaillithe. De réir miotais agus bréagstaire meánaoisí, bheadh an cath seo ina chath deireanach, agus is mó, idir na Gaeil agus na Lochlannaigh, agus Brian ina Ard-Rí is mó riamh choíche.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cathain a rugadh Donnchadh, ach d'fhéadfadh é sna 980idí, óir go mbeadh sé más fíor ina dhuine fásta sna 1010í, nuair a fheictear é ar dtús sna taifid stairiúla ar an bhfód go míleata.[1] D'éag a leasdheartháir, Murchadh, in éineacht lena athair ag Cluain Tarbh. Bhí deartháir eile, Domhnall, tar éis bás d'fháil sa bhliain 1011. Déantar tagairt ar bheirt leasdheartháireacha eile, Conchúr agus Flann, i roinnt foinsí, ach ní fheictear iad sna hannála Éireann.

Más fíor sin uile, níor tháinig slán tar éis bhás a n-athar ach Donnchadh agus a leasdheartháir, Tadhg. De réir Céitinne ina shaothar Foras Feasa ar Éirinn, agus fuíoll an áir i gceannas Dhonnchadha ag dul abhaile go dtí Dál gCais ó Chluain Tarbh, sheas siad an fód in éadan arm na nOsraí agus na Mumhan. Níl aon fhianaise den scéal seo sna hannála.

Sna ríliostaí Muimhneacha, tháinig Dúnghal Ó Donnchadha (bás 1025) d'Eoghanacht Chaisil i gcomharbacht ar Bhriain, seachas duine dá mhic. Chaill Donnchadha a lámh dheas sa bhliain 1019, bheirt le linn iarracht feallmharaithe a theip. Maraíodh a dheartháir, Tadhg, sa bhliain 1023 — ar ordú Dhonnchadha, de réir Annála Tiarnaigh.

Réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc phríomh chéilí comhraic Dhonnchadha bhí Diarmaid mac Maoil na mBó, rí na Laigean ón mbliain 1042, agus Áed in Gaí Bernaig, rí na gConnacht ón mbliain 1046. Olbhagairt ba ea Diarmaid ach go háirithe. I dteannta le Niall mac Eochadha, rí na nUlad, d'insealbhaigh sé a mhac, Murchadh mar rí Átha Cliath sa bhliain 1052, ag ruaigeadh dheartháir céile agus comhghuaillí Dhonnchadha, Echmarcach mac Ragnaill.

Faoi thús na 1050idí, bhí Donnchadh faoi ionsaí a naimhde. D'fhéadfadh é gurbh é a nia, Toirdhealbhach mac Taidhg Ó Briain, é an príomhghríosóir.[2] I dteannta ar dtús le hAodh, rinne Toirdhealbhach céarach ar Thuadhmhumhain sa bhliain 1052, ag cloí go dona Mhurchadha mhic Dhonnchadha i gCorca Mrua sa bhliain 1055. Faoin mbliain 1058, bhí Toirdhealbhach i gcomhaontas le Diarmaid, fir na Laigean agus na hOsraí nuair a chuir suas an ruaig ar Dhonnchadh as Luimneach, a dhóigh é. Chloígh siad Donnchadh ag Sliabh gCrot sna Gaibhlte.[3][4][5][6]

Oilithreacht, bás agus scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Santo Stefano on the Caelian Hill, painted by Ettore Roesler Franz

I ndeireadh na dála, cuireadh Donnchadh as a choróin sa bhliain 1063 agus chuaigh sé ar oilithreacht chuig an Róimh. Fuair sé bás ann an bhliain dár gcionn agus adhlacadh é baisleac Santo Stefano al Monte Celio.[7]

Ina shaothar Foras Feasa ar Éirinn (Imleabhar III, Cuid XXXIII), insíonn Seathrún Céitinn gur bhronn Donnchadh coróin na hÉireann ar an bPápa Urban II sa bhliain 1092, agus gur iarr sé ar chuidiú an Phápa chun é a. Insítear an scéal seo arís is arís eile sa 19ú haois mar chúis gur bhronn an Pápa Sasanach, Adrian IV ríocht na hÉireann ar Anraí II Shasana.

Is níos amhrasaí é Céitinn maidir le scéalta faoi Donnchadh sa Róimh (Imleabhar III, Cuid XXVII). NÍ chreideann sé an scéal gur bhog Donnchadh isteach le hiníon an Impire Naofa Rómhánaigh agus go raibh ar a laghad beirt mhac acu, a bhí ina sinsir roinnt teaghlach na Sean-Ghall. Deir Céitinn nasc féidir an scéal bheith fíor, óir "ba seanóir críonna cianaosta ós cionn a cheithre fichid bliadhan é, agus níor chosmhail d'inghin impire dúil do thabairt do luighe ré n-a shamhailt d'athlaoch".

Ní dhearnadh ríthe na Mumhan de mhuintir Dhonnchadh. Rinneadh ríthe Tulach Óg (oirthear Thír Eoghain) dá gharmhic, Conchúr agus Cennétig mac Lorcáin(?).

Ficsean nua-aimseartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

San úrscéal Pride of Lions (1996) le Morgan Llywelyn, is é Donnchad mac Briain an phríomh-phearsa. Úrscéal eile sa tsraith is ea é i ndiaidh Lion of Ireland faoina athair, Brian Bóramha, agus iarmhairt a bháis.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Duffy, Seán (2014). "Brian Boru and the Battle of Clontarf": 101. Baile Athá Cliath: Gill & Macmillan. 
  2. Bracken, "Donnchad": "it is likely that [the] concerted attacks on Munster about 1054 were the result of Toirdelbach Ua Briain's intrigues".
  3. Bracken, "Donnchad"
  4. Hudson, "Diarmait"
  5. Annála Inis Faithlinn, AI 1051.7, AI 1053.2, AI 1055.3, AI 1057.5 & AI 1058.4
  6. Annála Loch Cé, ALC 1052.1, ALC 1055.3 & ALC 1058.3.
  7. Bracken, "Donnchad".