Brian mac Murchadha Ó Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1118 (Féilire Ghréagóra) |
Rí na Mumhan | |
1118 – 1118 | |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Donnchad mac Briain (seanathair) |
Leath-rí na Mumhan le seal gairid sa bhliain 1118 ba ea Brian mac Murchadha Ó Briain (Meán-Ghaeilge Brian mac Murchada Ua Briain) (bás 1118).[1]
Murchadh Ó Briain, rídhamhna agus leath-rí na Mumhan maraithe sa bhliain 1068, ba ea a athair.[2] Donnchad mac Briain, Ardrí na hÉireann, ba ea a sheanathair. Tar éis bhás an Ardrí, Toirdhealbhach Ó Briain, col ceathrar a athar, sa bhliain 1086, bhí an chomharbacht ina hábhar achrainn idir a thriúr mac, .i. Muircheartach, Diarmaid agus Tadhg. Sa bhliain 1118, tar éis bhás Diarmada, d'éirigh le Brian, taoiseach Dhál Cais, coróin na Mumhan uile a éileamh.[3] Maraíodh Brian ámh an bhliain chéanna ag Tadhg mac Muireadhaigh Mac Cárthaigh, mar chuid den aighneas in éadan Uí Bhriain agus Mhic Cárthaigh. Maraíodh Amhlaibh Ó hEachach chomh maith,[4] agus cuireadh a chol ceathrar, Muircheartach, ar ais i gcoróin an dara huair.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Orpen, Goddard Henry (2005). "Ireland under the Normands 1169-1333" (as en): 633.
- Ó Corráin, Donnchadh (1972). "Ireland before the Normans" (as en).
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings" (as en): 341.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Irish Kings and High-Kings, Aguisín II, Tábla 17: Dál Cais Kings of Munster and Thomond
- ↑ Annála Uladh, AU 1068.3
- ↑ Moody et ál., Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II, tábla 11, Dal Cais Kings of Munster and Thomond 954-1194
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 1118.7