Corc mac Luigthig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Corc mac Luigthig
rí na Mumhan

- Nad Froích mac Cuirc
Saol
Eolas breithe 340 (Gregorian)(1680/1681 bliain d’aois)
Muintir
Céile/Céilí Aimend
Páistí
Treibh Eoghanachta
Gairm
Gairm

I seanscéalta bunúsacha na nEoghanacht, sinsear agus laoch ab ea Corc mac Luigthig (rugadh 340), aitheanta chomh maith mar Chonall Corc, Corc Chaisil, agus Corc mac Láire.

Tá na hEoghanachta ainmnithe as sinsear Chonaill, Eoghan Mór. Is iad na Deirgtine an dream ársa a raibh siad gaolta leis.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gur gharmhac Ailealla Fhlainn Bhig an ea é, agus colanna ceathrar is dóchúil iad Dáire Cearba agus Criomhthann mac Fiadhaigh. Ba é an dara duine a chéile comhraic i scéalaíocht cáiliúil.

Is doiléir é áfach ainm agus céannacht athair Chonaill. Cé gur cinnte é gur bhall desna hEoghanachta é, ainmnítear é sna ginealaigh go neamhsheasmhach mar LugaidLáire. I bhfoinse ar leith, Laud 610, deirtear gur athair Criomhthainn é Láre Fidach áirithe, ach más fíor, bheadh eisean agus Chonall ina ndeartháireacha, rud atá sách dochreidthe. Sna seanscéalta, is é Criomhthann a chol ceathrair nó uncail. Tháinig David Sproule ar an bhfadhb, ag moladh gurbh é Lugaid Láre athair Chonaill, agus go bhfuil locht i nginealach Laud agus/nó nár léadh i gceart é.

Bhí beirt bhan chéile ag Conall. Duine amháin acu ab ea Aimend iníon Aonghasa Boilg, rí Corca Laidhe. Iníon rí na gCruithneach ab ea an dara acu, agus deirtear sna ginealaigh gurbh Mongfind í, cé gur meascadh í is dócha le banríon Ghaelach, arbh fhéidir é gur dheirfiúr Criomhthainn í.

I measc na scéalta ginealaigh faightear:

  • Senchas Fagbála Caisil
  • Conall Corc 7 Ríge Caisil
  • Comthoth Lóegairi co cretim 7 a aided
  • Conall Corc 7 Corco Loígde

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. 
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland 400–1200". 
  • MacKillop, James (1998). "Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press. 
  • "The Cycles of the Kings" (2004). Archived from the original on 2008-05-07.
  • "The Cycles of the Kings" (2004).

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
  • —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh
ní fios
Rí Caisil
4ú haois
Tar Éis
Nad Froích mac Cuirc